DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
fear den scoth; 'mo chroí thú!'
siúd is (go), ainneoin (cé nach gcreidim thú; cé gur láidir an fear é)
cleas cam, feall, caimiléireacht; clipe beag géar i mbeach, i bplandaí etc. a phriocfadh agus a ghortódh thú
togha fir (mná)! mo sheacht mh'anam thú!
cur ar leith le húsáid i gcomhair cúraimí naofa (eaglais a choisreacan); fíor na croise a ghearradh, beannú (uisce coisricthe; coisric thú féin)
bailiú, cruinniú; cúbadh (conlaigh thú féin)
éirí tuirseach nó a dhéanamh tuirseach, traochadh (ná coir thú féin leis; d'éirigh sé cortha de)
bogadh nó gluaiseacht dá laghad (do lámh a chorraí; corraigh thú féin); tógáil, adhaint (is furasta é a chorraí)
an ball cuasach sa chorp a oibríonn ar nós pumpa chun an fhuil a chur ag rith trí na cuislí; lár nó meán ruda ar bith (croí na ceiste); aigne, meon (croí bog; croí éadrom, croí na féile); spiorad, misneach (níl croí circe aige); grá (mo chroí thú!)
rabhadh, foláireamh; aire (fainic thú féin)
féar dá siúlfá air a chreidtear go mbuailfeadh ocras thú
déanamh gaisce, ligean ort gur fear thú
sláintiúil; slán, saor ó ghalar nó ó locht; go maith don tsláinte (bia folláin); maith an bhail (b'fholláin duit nach bhfaca sé thú)
glao, scairt (gairm na cuaiche); fógra tionóil (gairm scoile, gairm slógaidh); cuireadh chun seirbhíse (tá gairm ó Dhia aige); ceird (gairm bheatha); gáir mholta (mo ghairm thú!)
(moladh) mo cheol thú! (comhbhrón) tá trua agam duit
briathar aitheantais nó aicmithe (is é féin atá ann; ní hé Brian é; dá mba mise thú; ní hionann iad; ní gorm atá sé; an cnoc is airde is é is fuaire; ní liomsa é; is amárach a thiocfaidh sé; ní go réidh a scar sé leis; ó d'imigh tú is ea a tharlaigh sé; ní den dream sin mé; an gloine é? is ea)
gamhain óg; grá geal (mo lao thú)
aon rud a phriocfadh thú (ar nós, dealg, cealg, ionga, cait etc.)
aoibhneas a chur ar dhuine (cuideachta a mhealladh le ceol); bréagadh (mheall sé leis sinn); cluain a chur ar dhuine (ná mealltar thú le caint mar sin)
dúiseacht; corraí (múscail thú féin)
focal a léiríonn an diúltach le copail nó briathra (ní bhuaileann tú, ní bhuailfeá, é; ní fhaca mé thú; ní bhfuair mé é; ní maith liom é; ní fear a bhí ann ach bean)
aon substaint a d'fhágfadh dona nó marbh thú ar í a shlogadh nó a thógáil isteach sa chorp; goimh, binb, gangaid (bhí nimh ar a chuid cainte; gaoth, fuacht, nimhe)
a dhéanamh oiriúnach, cur in oiriúint, bheith oiriúnach (ní oiriúnaíonn sé thú)
a chuirfeadh ar meisce thú
rud éigin a deirtear, abairt, focal (níor creideadh mo ráite); rud a chur i bhfocail, labhairt (abair é seo dom; ní dúirt sé dada); aithris (abair do phaidreacha); insint (déarfaidh mé le d'athair thú; abair scéal); ordú (abair leis teacht); cur síos (sin mar atá ráite sa leabhar seo)
teacht nó tabhairt ar an saol; buanú, maireachtáil i bhfad (go saolaí Dia thú); breith (saolú Chríost)
cuntas stairiúil (scéal na hÉireann, mo bheatha); eachtra (scéal grinn); cuntas nó cur síos ar rud a tharla (scéal tubaisteach); nuacht (an bhfuil aon scéal nua agat?); cúrsa, cás (seo mar atá an scéal; sin scéal eile); cúis mhilleáin (maith an scéal thú)
lúbadh, straidhneáil (ná stang thú féin; bíomaí ag stangadh); lagú (táim stangtha ag an bhfuacht); croitheadh, stad (baineadh stangadh asam); stalc (stangadh gaoithe, triomaigh; tá an t-arán ina stangadh)
cloí; caitheamh, ídiú (ná traoch thú féin leis an obair sin)
mothú comhbhá le daoine ina gcruachás (bhí trua aige dom; níl aon trua ann); cúis bhróin, díol trua (is mór an trua é; mo thrua thú!); feoil dhearg
(thú faoi réir briathair) mír a sheasann don té a bhfuiltear ag caint leis (is tú a dúirt é; ní aithním thú)