DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
an ealaín a ghabhann le stiúradh eitleán
galar craicinn a ngabhann puchóidí nó goiríní dearga leis
duine a dhéanann rud le taitneamh dó agus ní ar airgead, duine gan mórán cleachtaidh ar rud ach ar breá leis a bheith ag gabháil dó
eaglais áirgiúil a ngabhann pribhléidí áirithe léi
aicíd ghéar thógálach a ngabhann fiabhras ard agus puchóidí léi a fhágann a lorg ar aghaidh duine
cruinneán leachta a mbíonn aer gafa ann; lampa beag gloine a dtagann solas leictreach as
cochall le hiasc gafa a thógáil as uisce
caitheamh déanta ar (éadach, airgead, caite); snoite, lom (críon caite); gafa thart, imithe (an tseachtain seo caite)
canadh, gabháil cheoil (cantain na n-éan)
déanamh, múnlú, cumadh (dán a cheapadh); socrú, gealladh (an rud a cheap Dia dó); síleadh, meas (ceapaim go bhfuil an ceart agat); stopadh, gabháil (ainmhí a cheapadh, liathróid a cheapadh)
ceardlann gabha agus teallach ann chun miotal a théamh
gabháil le héigean; cur isteach (ar dhuine); griogadh (ag déanamh concais orm a bhí sé)
gabháil de dhoirne ar dhuine
gabháil thart, rith (cursaíocht airgid)
dríodar fíona nó leanna; giosta nó gabháil; iarsmaí
fithis, an cúrsa a ghabhann árthach spáis thart ar an domhan, ar an ngealach etc.
tiubh ar a chéile, gar dá chéile; deacair gabháil tríd (coill dhlúth); dian, daingean
foraois a bhfuil an fás chomh tiubh sin inti gur deacair gabháil tríthi
an ealaín agus an eolaíocht a ghabhann le seoladh eitleáin
ciorcal samhailteach a ghabhann tríd an Mol Thuaidh agus an Mol Theas agus trí aon bhall eile is maith leat ar dhroim an domhain (Gabhann an príomhcheann acu trí Ghreenwich Shasana)
breoiteacht a ngabhann ardú teochta agus rith cuisle léi
breoiteacht thógálach cosúil le slaghdán fiabhrais, agus tinneas géag ag gabháil leis
greim; gabháil le foréigean
achrann, greim (chuaigh duán i bhfostú ann); gabháil, breith ar, greamú (fostaigh sa lúb é); duine a thógáil nó a choinneáil i seirbhís; rud a thógáil ar cíos (carr a fhostú)
breith ar (rud a ghabháil i do lámh); ceapadh (peil a ghabháil); lán baclainne (gabháil féir, mhóna); tógáil (áit duine a ghabháil); tabhairt faoi, oibriú ar (ag gabháil d'obair); greamú, tógáil (coirpeach a ghabháil); buachan (an lá a ghabháil); a thógáil chugat féin (páirt a ghabháil i rud); glacadh le (gabh mo leithscéal); glacadh, a theacht ar (ghabh tart é); dul, siúl (ag gabháil thar bráid; ag gabháil abhaile); teacht (gabh i leith); gléasadh (capall a ghabháil); rá, aithris (ag gabháil fhoinn, véarsaí); giosta
tugtha do bheith ag gabháil rudaí; santach
gabháil déanta air; i ngreim nó in achrann (gafa sa dris); faoi choinneáil (gafa i bpríosún); sáite i (gafa in obair); in áirithe nó faoi sheilbh (tá an líne, an suíochán gafa); gléasta, cóirithe (gafa go foirmiúil); inroinnte ar (tá B gafa in A)
obair gabha, obair mhiotail
cur i ngabhann nó i bpóna, locadh
galar tógálach ar eallach a ngabhann othrais leis
gabháil fhoinn trí léim in airde ón ngnáthraon gutha agus anuas arís
substaint a choipeann in arán nó i leacht beorach, gabháil
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
gabháil ruda leis an lámh (beir greim air; rug sé greim muinchille orm); lán béil (cúpla greim feola; bain greim as an arán); cruachás (rug drochghreim air); smacht, ceannas (bíodh greim ar do chiall agat; tá greim daingean acu ar an tír); fostú (i ngreim sa talamh, i ngreim ag an eagla); freanga, ríog thinnis (tháinig greim i mo chliathán; greim an bháis); lúb fuála (greim snáthaide a chur i rud)
mír a léiríonn suíomh, go háirithe suíomh taobh istigh (i gcarr, sa chathair, thuas sa spéir, in áit eile); a léiríonn a bheith gafa (i ngaiste, in achrann sa dris); le foirm nó modh (i bhfoirm cú, i dteanga na tíre); le ballraíocht (i rang a dó, san arm); le feidhmeannas (i bhfeighil na bpáistí, i gceannas); le staid (i bhfiacha, ina luí, in uaigneas, i ngrá); le ham (go mall san oíche, go luath san fhómhar); i bhfrásaí dobhriathartha (i mbliana, in airde, in aice láimhe); le mianach áirithe (tá éirim ann, níl aon mhaith ann, tá céim bhacaí inti); le tomhas (tá cloch mheáchain, sé troithe, ann); le haicmiú nó rangú (níl ann ach amadán; tá sé ina shagart anois); le huimhreacha, ord etc. (ina scataí beaga, ina dhá leath); isteach (cuir i do phóca é, dul i bhfiacha); le hathrú staide (ag dul i bhfeabhas, i méid, i neart, in aois) i + a4 = ina; i + an = sa(n); i + ar3 = inar, i + ár2 = inár; i + na = sna
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
gabháil timpeall i sruth (mar a dhéanann an fhuil sa chorp)
ceap nó bloc iarainn a n-oibríonn gabha air
ceann de na cearchaillí a mbíonn capall faoi chairt gafa eatarthu
cúis le rud a dhéanamh nó gan a dhéanamh; pardún (gabh mo leithscéal); sampla bocht (de rud)(an leithscéal scine seo)
súil ghafa in eangach; triopall torthaí ar aon ghas (mogall cnónna); meall (mogall súile)
duine a ghabhann thart lena phaca ag díol earraí
damhsa bríomhar nó an ceol a ghabhann leis
béiceach, glaoch, gabháil fhoinn
greim tobann béil, mant (thug sé snap ar, bhain sé snap as, an úll); gabháil, ceapadh (tá snap maith aige); seal gearr (snap codlata); freanga, stangadh (bhain mé snap as mo dhroim); sclamh (thug sé snap orm)
(le cosán etc.) ar féidir gabháil tríd, sothriallta
(le capall etc.) gabháil, gléasadh
duine atá gafa le cúrsaí rialtais, go háirithe duine a chruthaíonn é féin tuisceanach oilte