PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I can find no one adequate to the task, níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc.
An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn.
Can I do anything for you? an bhfuil rud ar bith a thiocfadh liom a dhéanamh duit?
Who arrived upon the scene but...! cé thiocfadh i láthair ach . . .!
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
You can't bowl him over, ní thiocfadh leat biongadh a bhaint as.
It is (quite) on the cards that . . ., thiocfadh dó go. . .
He might have been a little less curt, thiocfadh leis a bheith ní ba shíodúla.
He may arrive any day, thiocfadh dó teacht lá ar bith feasta.
It could happen, tharlódh sé, thiocfadh dó.
It is a judgment on you, ní bheadh Dia thuas nó thiocfadh sin ort.
He felt a kind of compunction, tháinig mar a thiocfadh aithreachas air.
He is a law unto himself, dhéanfadh sé aon ní a thiocfadh ina cheann; níl riail ná dlí air.
It may, might, be that. . ., thiocfadh dó go . . .; d'fhéadfadh sé go . . .; b'fhéidir go . . .
One man could not lift it, no, not half a dozen, ní thiocfadh le haon fhear amháin a thógáil, ní thiocfadh ná le seisear fear.
That is possible, thiocfadh dhó.
He could not refrain from smiling, ní thiocfadh leis cúl a choinneáil ar an ngáire.
I couldn't resist telling him what I thought of him, ní thiocfadh liom gan a ghnóthaí a thabhairt le hinsint dó.
Loving her so, he could not blame her, agus an grá a bhí aige di, ní thiocfadh leis milleán a chur uirthi.
I could not tear myself away from the scene, ní thiocfadh liom mé féin a tharraingt as an láthair.
He may turn up at any time, thiocfadh dó teacht am ar bith.
He would come if you invited him, thiocfadh sé dá dtabharfá cuireadh do.