EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
law, s. 1 Dlí m, reacht m -a. The laws in force, na dlíthe atá i bhfeidhm. Law of nature, dlí (an) nádúir. Laws of a game, rialacha cluiche. 2 a The law, an dlí m. The law of the land, reacht m na tíre. To keep the law, an dlí a choimeád; a bheith umhal don dlí. To break the law(s), an dlí a bhriseadh, a shárú. His word is law, níl dul thar a fhocal. To lay down the law to s.o., bheith ag tabhairt fios a ghnóthaí do dhuine, ag léamh na liodán do dhuine. He is always laying down the law, ní stadann sé ach ag ceartú agus ag áiteamh, ag leagan amach. He thinks he is above the law, samhlaíonn sé go bhfuil cead raide aige. He is a law unto himself, dhéanfadh sé aon ní a thiocfadh ina cheann; níl riail ná dlí air. b The Divine Law, dlí m, reacht m, Dé. The Old Law, an Seanreacht. 3 Dlí m. Civil law, (an) dlí sibhialta. Common law, (i) (an) dlí coiteann; (ii) (an) dlí sibhialta. Commercial law, mercantile law, dlí (na) tráchtála. To read, study, law, dul le dlí. To practice law, an dlí a chleachtadh. To be in the law, bheith ag gabháil don dlí; bheith le dlí. Law-student, mac m léinn dlí. Doctor of laws, dochtúir le dlí. 4 Court of law, cúirt dlí. To go to law, dul chun an dlí. To settle a matter without going to law, scéal a shocrú lasmuigh den chúirt. To go to law with s.o., to have the law of s.o., an dlí a chur ar dhuine. They are at law with each other, tá siad ag dlí le chéile. Action at law, cúis dlí. To be at law, cúis dlí a bheith ar bun ag duine. Practising law, ag dlíodóireacht. To take the law into one's own hands, ceart a bhaint amach le lámh láidir. F: Limb of the law, feidhmeannach m dlí. 5 a Sp: Ven: To give (fair) law to . . ., ligean a thabhairt do ... b To give s.o. three days' law, trí lá cairde a thabhairt do dhuine.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Law in abeyance, dlí nach gcuirtear i bhfeidhm.
He brought the law into action, chuir sé an dlí ar siúl.
Jur: Action at law, caingean f dlí.
There is no law against it, níl dlí ar bith á thoirmeasc.
Laws aimed against our trade, dlíthe ar cuspóir dóibh dochar a dhéanamh dar dtrádáil.
The law allows you twenty days' grace, tá cairde fiche lá agat de réir dlí.
Jur: Appeal at law, achomharc m.
He appealed to the law, d'éiligh sé ceart dlí.
Attorney-at-law, aturnae m.
Aunt-in-law, bean uncail.
Barrister at law, abhcóide m.
Law that bears unjustly on s.o., dlí atá éagórach, atá ag luí go leatromach, ar dhuine.
Body of laws, bailiúchán m dlíthe,
Boyle's law, dlí an Bhaoilligh.
Breach of the law, briseadh dlí.
Breaking of the law, briseadh m, sárú m, dlí.
He was bred (up) to the law, tugadh foghlaim dlíodóra dó.
Canon law, dlí m canónta.
F: To drive a coach and four through a law, ciseach a dhéanamh de dhlí.
Under colour of law, of reason, faoi scáth an dlí, an réasúin.
Law of constant composition, dlí an chomhshuímh chinnte.
To conform to the law, déanamh de réir an dlí.
The Law Courts, na Cúirteanna fpl dlí.
He dabbles in, at, law, bíonn lámh aige sa dlí ó am go ham.
In defiance of the law, ar neamhchead don dlí.
The law's delay, righneas an dlí.
Derogation of a law, maolú m dlí.
Dormant law, dlí nach gcuirtear i bhfeidhm.
As by law enacted, mar atá achtaithe de réir dlí.
To enforce the law, an dlí a chur i bhfeidhm.
Ignorance of the law is no excuse, i dtaobh an dlí de ní haon leithscéal an t-aineolas.
Failure to observe a bye-law, to keep a promise, faillí i gcoimeád fodhlí, i gcomhlíonadh gealltanais.
To fight an action (at law), cúis dlí a chosaint.
F: He fell foul of the law, rug an dlí air; tháinig sé salach ar an dlí.
To go to law, dul chun (an) dlí.
Going to law, dul chun an dlí, chun na cúirte.
Laws that govern chemical reactions, dlíthe a rialaíonn imoibrithe ceimiceacha.
Heir-at-law, oidhre ginearálta.
Infraction of the law, briseadh m an dlí.
Law of inheritance, dlí na hoidhreachta.
International law, dlí idirnáisiúnta.
Jur: Issue (of law), ceist f dlí.
A man learned in the law, saoi le dlí.
The letter of the law, fuarlitir an dlí.
Military law, dlí míleata.
The minions of the law, lucht gardála an dlí.
My mother-in-law, máthair mo chéile.
To set the law in motion, an dlí a chur ar obair.