EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
their, poss.a. 1 A (eclipses). a Their shoes, a mbróga. Their father, a n-athair. b (De+a, do+a) dá. I gave it to their father, thugas dá n-athair é. 2 A gcuid(folld. by gen., used commonly with mass-nouns, abstracts and pls.). Their money, work, hens, a gcuid airgid, oibre, cearc. 3 Article + s. + acu. Their eldest son, an mac is sine acu. They lost their patience, bhris ar an bhfoighne acu. It was not their first time, níorbh é an chéad uair acu é. 4 (Stressed in English) A ... -san, -sean. These are their shoes, seo iad a mbrógasan. This is their money, a gcuid airgidsean é seo.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The water reached above their knees, bhí an t-uisce os cionn na nglún orthu.
He secured their acceptance of the proposal, thug sé orthu glacadh leis an moladh.
He accommodated himself to their habits, thit sé isteach lena nósanna-san.
Mil: Their left flank was in the air, bhí an eite chlé gan chosaint acu.
Prov: Talk of angels and you will hear the flutter of their wings, tagann gach aon rud lena iomrá (ach an madra rua agus an marbhánach).
They laid down their arms, ghéill siad.
The judges assume their robes, cuireann na breithiúna orthu a gcuid róbaí.
He bulks large in their eyes, tá sé ina bhall mór acu.
He is a butt for their jokes, tá sé ina ula mhagaidh acu.
The closeness of their friendship, a dhlúithe a bhíodar (ina gcairde) le chéile.
They clubbed their resources (together), chuir siad a gcuid maoine le chéile.
He is in their clutches, tá a lámh i ladhar an chasúir acu; tá sé faoi bhois an chait acu.
He came over to their side, (i) tháinig sé anall chucu; (ii) d'iontaigh sé leo.
He came round to their way of thinking, tháinig sé ar an mbarúil chéanna leo.
They concealed their movements from the enemy, d'oibríodar gan fhios don namhaid.
He conciliated their favour, mheall sé ar a thaobh iad.
Their interests conflict, tá siad ag teacht salach ar a chéile.
To let things take their course, scaoileadh le cúrsaí.
He cut off their flight, tháinig sé rompu sa teitheadh; sháraigh sé iad.
He descended to their level, chuir sé é féin ar aon chéim leo.
He did it at the risk of incurring their disfavour, rinne sé é agus seans ann go mbeidís díomuíoch dó dá bharr.
It is a constant drain on their resources, is dísciú síoraí ar a n-acmhainn é.
Their beauty is ephemeral, is luath a chailleann siad a mbláth.
In the eventuality of their refusing, má tá i ndán go ndiúltóidh siad.
Their name liveth for evermore, mairfidh a n-ainm go brách na breithe.
Having expended all their bullets, nuair a bhí a gcuid piléar uile ídithe acu.
With their eyes starting out of their heads, agus na súile ag dul thar na mogaill orthu.
They cried their eyes out, chaoin siad uisce a gcinn.
I soon fell into their ways, ba ghearr gur éiríos cleachta ar a nósanna.
He was seeking their favour, bhí sé ag cuimilt boise dóibh.
They were so named from their native parish, sloinneadh amhlaidh óna bparóiste dúchais iad.
I was watching their little game, bhíos ag faire ar a gcuid cleasaíochta.
Their wine gave out, chuaigh dá gcuid fíona.
We were charmed with their gracious reception, chuir a bhfáiltiú caoin aoibhneas orainn.
He was talking over their heads, ní raibh ciall acu dá chaint.
She was their idol, bhí sí ina dia beag acu; rinne siad úillín óir di.
Potatoes in their jackets, prátaí ina gcraicne.
Their action was in keeping, bhí a ngníomh mar ba chuí.
Their name is Legion, tá an dúlíonach m acu ann; táid chomh líonmhar leis na corrmhíola.
Let their love be ever so strong . . ., dá mhéad a ngrá dá chéile . . ..
One of their number, duine acu.
He was one of their number, bhí sé ar dhuine acu.
They leave their wealth to others, fágaid a saibhreas ag daoine eile.
Their minds were overcast with fear, bhí an eagla ina néal os a gcionn.
There is no prospect of their leaving, níl cosúlacht ar bith imeachta orthu.
Their rashness proved fatal to them, an mheargántacht a mhill iad.
Their success is merely a question of time, éireoidh leo leis an aimsir.
The air rang with their cries, bhain siad macalla as an spéir lena screadach.
Magistrates in their robes, giúistísí faoi éide.
Things must run their course, caithfidh gach rud a sheal a thabhairt.