EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
fall1, s. 1 a Titim f. Th: Ísliú m (an bhrait). He had a fall, baineadh leagan m as. He is riding for a fall, tá sé ag tuar na tubaiste dó féin. b Wr: (i) Treascairt f; (ii) babhta m. To try a fall with s.o., babhta iomrascála, coraíochta, a dhéanamh le duine. c There has been a heavy fall of snow, tá brúcht, duartan, trom sneachta caite aige. 2 The fall of the day, an tráthnóna m, deireadh an lae. The fall of the year, an fómhar. 3 a Usu. pl. Eas m -a. b Hyd.E: Airde f titime (uisce easa). 4 a Ísliú m (locha, baraiméadair, gutha). b Claonadh m (díon tí, etc.). c Ísliú m, laghdú m (luacha). 5 Turnamh m (dúna, impireachta). Fall from grace, béim f síos. The Fall, titim f an chine dhaonna. 6 Maidhm f talún.
fall2, v.i. Titim. 1 a To fall to the ground (from on high), titim go talamh. To fall off a ladder, titim (anuas) de dhréimire. He fell on his feet, (i) tháinig sé anuas ar a chosa; (ii) bhí an t-ádh ina chaipín. He fell into a trap, rugadh i sáinn air, thit sé i ngaiste. He fell into enemy hands, ghabh an namhaid é. To let fall, (i) ligean do (phláta) titim; (ii) (an dallóg) a ísliú; (iii) (ingear) a tharraingt. He let the word fall, sciorr an focal uaidh. Night is falling, tá an oíche ag titim. b His hair fell over his shoulders, bhí a chuid gruaige anuas thar a ghuaillí. c Christmas falls on a Friday this year, ar an Aoine a bheas lá Nollag i mbliana. 2 (From standing position) a Titim (as mo sheasamh, i mbun mo chos). To fall to the ground, titim ar an talamh. He fell full length, síneadh ó sháil go rinn é. To fall on one's knees, titim ar do dhá ghlúin. To fall by the sword, bás de rinn a fháil. To fall (to temptation), géilleadh do chathú. b (Of building) Titeann. To fall to pieces, titim as a chéile. c When Drogheda fell, nuair a gabhadh Droichead Átha. The Government has fallen, tá an Rialtas briste. 3 a (Of tide) Tránn; (of barometer) titeann, íslíonn; (of wind) maolaíonn, titeann; (of sea) ciúnaíonn; (of price, etc.) íslíonn, laghdaíonn. F: His stock is falling, tá a chlú ag dul i léig. b (Of ground) Íslíonn, téann le fána. Mth: (Of curve) Laghdaíonn. Her eyes fell, chúb a súile. His face fell, tháinig dreach díomách air. c Nau: To fall to leeward, titim faoin ngaoth. d To fall from one's position, béim síos a fháil. To fall in esteem, meas a chailleadh. 4 a The sunlight falls on the peaks, dealraíonn an ghrian ar na beanna. A sound fell (up)on my ear, bhuail fuaim mo chluasa. b She fell upon his neck, chaith sí a dhá láimh timpeall ar a mhuineál. He fell upon his food, luigh sé isteach ar a bhéile (le hairc). To fall (up)on the enemy, dul i ngleic leis an namhaid. c (Of river) Ritheann (isteach san fharraige, faill etc.). 5 a It fell to her share, thit sé uirthi. The blame falls upon . . ., tá an milleán ar . . . The responsibility falls on me, is mise atá freagrach ann. It falls on me to..., ormsa atá sé..., tá sé de dhualgas ormsa . . . It fell to me to . . ., ar mo cheannsa a thit sé . . . It falls within article ten, tá sé i gceist in alt a deich. b (Of pers.) He fell under suspicion, luigh amhras air. To fall across s.o., bualadh le duine trí thaisme. To fall on a means of doing sth., teacht ar shlí chun rud a dhéanamh. He fell on evil days, chas an roth tuathal air. c I soon fell into their ways, ba ghearr gur éiríos cleachta ar a nósanna. To fall into a habit, tosú ar nós a chleachtadh. To fall out of a habit, nós a thabhairt suas. To fall into error, dul in earráid. 6 Pred. a He fell sick, buaileadh tinn é. (Of post) It fell vacant, tharla dó a bheith folamh. b He fell a victim to drink, fuair an t-ól an lámh in uachtar air. 7 To fall to sth., to doing sth., cromadh ar rud, ar rud a dhéanamh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I was within an ace of falling, ní raibh ann ach nár thit mé.
The missile fell short of its aim, níor shroich an t-urchar ceann sprice.
I all but fell, dóbair dom titim.
He almost fell, dóbair dó titim, is beag nár thit sé.
They fell into an ambush, rugadh orthu in oirchill.
He fell asleep, thit sé ina chodladh, thit a chodladh air.
He fell on his back, thit sé ar chúl a chinn.
He fell backwards, thit sé siar ar chúl a chinn.
To fall behind, titim chun deiridh.
Blows fell thick and fast, bhí na buillí dá mbualadh go tiubh téirimeach.
The bottom has fallen out of the market, tá an margadh tite as a chéile.
To fall over a cliff, titim le haill.
To enter, fall, into conversation with s.o., forrán cainte, cleite comhrá, ceiliúr, a chur ar dhuine.
He crushed his leg in falling, bascadh an chos aige nuair a thit sé.
It is in danger of falling, tá sé i gcontúirt titim.
It is falling into decay, (of state) tá leá ag teacht air, tá sé ag meathlú; (of custom) tá sé ag dul i léig; (of house) tá sé ag dul chun raice.
Custom that has fallen into desuetude, nós atá ligthe i léig.
The house fell into disrepair, chuaigh an teach chun raice.
To fall into disrepute, drochainm a fháil.
It fell into disuse, ligeadh i léig, as taithí, é.
To fall down, titim go talamh, ar an talamh.
He fell down, thit sé as a sheasamh.
To fall down the stairs, titim síos, anuas, an staighre.
Water falling drop by drop, uisce ag sileadh anuas braon ar bhraon.
He had a narrow escape from falling, dóbair dó titim.
John rose, fell, in my esteem, mhéadaigh, laghdaigh, ar an meas a bhí ar Sheán agam.
A: It fell out even as he had foretold, tharla díreach mar a bhí ráite roimh ré aige.
To fall on evil days, titim in umar na haimiléise.
He fell short of my expectations, loic sé orm, ní raibh sé chomh maith is bhí súil agam a bheadh sé.
He fell on his face, thit sé ar a bhéal.
To fall down in a faint, titim i bhfanntais, i laige.
To fall back on substitutes, bheith taobh le, i muinín, ionadaithe.
Sum put by to fall back upon, suim a cuireadh i dtaisce le haghaidh lá na coise tinne.
To fall back on lies, dul i muinín na mbréag.
To fall down before s.o., umhlú go talamh roimh dhuine.
He fell for the trick, mealladh leis an gcleas é.
To fall in with s.o., bualadh le duine.
To fall in with s.o.'s opinion, géilleadh do thuairim duine.
To fall in with a proposal, aontú m le tairiscint.
(Of plan, etc.) To fall in with . . ., réiteach le . . ., teacht le ...
His hat fell off, thit a hata dhe.
They fell out, d'éirigh eatarthu.
Things fell out well, tharla deireadh maith ar na cúrsaí.
It (so) fell out that . . ., (is amhlaidh a) tharla gur . . .
He fell over the stone, leag an chloch é.
Publishers were falling over each other for his new book, bhí na foilsitheoirí ag baint na sála dá chéile ag iarraidh an leabhar nua a fháil uaidh.
Fallen leaves, duilleoga tite.
Fallen arches, tráchta leacaithe.
Fallen humanity, síol m Ádhaimh.
The fallen, na mairbh (ar pháirc an chatha).