PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: He was taken aback, baineadh stad as.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
The child amuses itself with the toy, baineann an páiste sult as an mbréagán.
He was angry at being kept waiting, bhí fearg air cionn is gur baineadh moill as.
The industrial applications of a discovery, an fheidhm atá le baint as fionnachtain i gcúrsaí tionscail.
Since the application of science to farming began, ó tosaíodh ag baint úsáide as an eolaíocht i gcúrsaí feirmeoireachta.
He availed himself of his right, bhain sé feidhm as a cheart.
F: There is a rude awakening in store for him, nach as a bhainfear an mealladh, bainfear as a chleachtadh é.
Word taken in a bad sense, focal ar baineadh brí tháinsimh, tharcaisneach, as.
He was baffled in his hopes, baineadh mealladh as.
The sun is blinding me, tá an ghrian ag baint na súl asam.
It brought tears to her eyes, bhain sé deora as na súile aici.
A cry burst from his lips, baineadh béic as.
He called into play all his powers, bhain sé leas as a chuid éirime ar fad.
P: He tapped his claret, bhain sé fuil sróine as.
To clip s.o.'s claws, baint siar as duine.
He came down (in the world), baineadh as a chleachtadh é; briseadh anuas é.
F: He came a cropper, (i) baineadh tuairt, leagan, as; leagadh (de chapall, de rothar) é; (ii) theip air.
He drew a blank, baineadh mealladh as; fágadh breall air.
He is enjoying himself there, tá sé ag baint aoibhnis as bheith ansin, tá sé ar a sháimhín só ansin.
He is enjoying life, tá sé ag baint aoibhnis as an saol.
That was a pleasant experience for me, bhain mé taitneamh as sin.
That was a strange experience for them, bhain sin as a gcleachtadh iad.
Extraction of a stone from a quarry, baint cloiche as coiréal.
F: That made him open his eyes, bhain sin na fachailí as na súile aige.
He had a fall, baineadh leagan m as.
Our hopes were falsified, baineadh mealladh asainn.
The horses' hooves struck fire from the stones, bhain cruite na gcapall tine chreasa as na clocha.
All is fish that comes to his net, baineann sé a ghaisneas as gach uile shórt.
He did not flinch, níor baineadh biongadh as.
I freed myself from his grasp, bhain mé mé féin as a ghreim, scaoil mé a ghreim orm.
He broke into a gallop, bhain sé as sna cosa in airde; scaoil sé leis féin sna cosa in airde.
He got the child out of the habit, bhain sé an cleachtadh as an bpáiste.
He was gloating over the gold, bhí sé ag baint súlaigh as breathnú an óir.
He made a good thing out of it, bhain sé leas as; bhí rud dá bharr aige.
He enjoys a good grouse, baineann sé an-sásamh as greas cnáimhseála.
To gut the fish, baint as an iasc.
We were hung up with the rain, bhain an bháisteach moill asainn.
He hastened away, bhain sé as go mear; ghread sé leis.
He gave his trousers a hitch, bhain sé tarraingt aníos as a bhríste.
The goods were held up at the custom house, baineadh moill as na hearraí ag an gcustam.
P: Hop it, bain as amach!
F: He howled with laughter, baineadh ruabhéic gáire as.
His fall gave him a nasty jar, bhain an leagan drochthuairt as.
That gave me a jump, bhain sin preab asam.
It made me jump, bhain sé léim, preab, asam.
He did justice to the meal, bhain sé díol fir as an mbéile.
This coat lasted me two years, bhain mé dhá bhliain as an gcóta seo.
He took it in a literal sense, bhain sé bunbhrí na bhfocal astu.
A little makes us laugh, is beag an rud a bhaineann gáire asainn.