EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
bail1, s. Jur: Bannaí m. To go bail for s.o., dul i mbannaí ar dhuine. I’ll go bail that..., rachaidh mé i mbannaí go... On bail, faoi bhannaí. I put under bail, cuirim faoi bhannaí. Continuing bail, bannaí leanúnach. He was admitted to bail, let out on bail, ligeadh amach ar bannaí é. He jumped his bail, bhris sé a bhannaí.
bail2, v.tr. 1 To bail s.o. (out), dul i mbannaí ar dhuine. 2 (Of goods) Earbaim. 3 (Admit to bail) Ligim amach ar bhannaí, bannaím.
bail3, s. 1 Maide m bactha (idir capaill i stábla). (Stanchion) Ceanglachán m cinn. 2 pl. Cr: Traisníní mpl
bail4, v.tr. (Of water) Taoscaim, taomaim.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Dingle, a small town in Kerry, An Daingean, baile beag i gCiarraí.
The hills (round) about the town, na cnoic timpeall an bhaile.
Hovering above the town, ag foluain os cionn an bhaile.
The scene of action is in Dublin, i mBaile Átha Cliath atá suíomh an scéil.
Far afield, i bhfad ó bhaile.
The whole town was agog, bhí an baile go huile ar fuaidreamh.
London alone has a population equal to . . ., ach amháin Londain níl an dara baile a bhfuil oiread daoine ann is atá i . . .
F: (Of pers.) He cast, came to, anchor in Dublin, bhain sé faoi i mBaile Átha Cliath.
The approach to the town, an bealach isteach chun an bhaile.
We are approaching Dublin, táimid ag tarraingt isteach ar Bhaile Átha Cliath.
Delightful as Dublin is, aoibhinn agus mar atá Baile Átha Cliath.
To take, carry, a town by assault, baile a bhaint amach d'ionsaí.
At home, faoi bhaile, sa bhaile.
Far away, i bhfad ar shiúl, ó bhaile, uainn.
Away from home, as baile.
When I have to be away, nuair a bhíos orm a bheith as baile, as láthair.
The back streets of the town, cúlsráideanna an bhaile mhóir.
To Dublin and back, go Baile Átha Cliath agus ar ais.
The hills that back the town, na cnoic atá ar chúl an bhaile.
A man from beyond the village, fear thar baile amach.
To billet troops on s.o., in a town, saighdiúirí a chur ar coinmheadh, ar billéad, ag duine, i mbaile.
He went and bleated it all over the place, d'imigh sé agus reic sé an scéal ar fud an bhaile.
Border town, baile teorann.
Burning town, baile trí thine.
He is the by-word of the town, tá sé ina sceith béil ag an mbaile.
W.Tel: Dublin calling! Baile Átha Cliath anseo!
Cathedral town, baile m ardeaglaise, baile easpaig.
To make the circuit of the town., dul timpeall an bhaile mhóir; cuairt an bhaile mhóir a thabhairt.
As I was circumstanced, an bhail a tharla bheith orm.
Garden-city, baile i ngairdíní.
The town was clear of the enemy, bhí an namhaid glanta leo as an mbaile.
To come up to town, teacht chun an bhaile mhóir.
Town-council, city-council, comhairle baile.
Lit: The ship was destined for Dublin, go Baile Átha Cliath a bhí an long ag dul.
To dine out, dinnéar a chaitheamh as baile.
Three miles distant, trí mhíle ó bhaile.
To do a town, a picture-gallery, cuairt a thabhairt ar bhaile, ar áiléar pictiúr.
The fortress dominates the town, tá an dún go hard os cionn an bhaile.
He went down town, chuaigh sé isteach sa bhaile mór.
He is down town, tá sé istigh sa bhaile mór.
You are the envy of the town, tá an baile go léir ag éad leat.
I would fain have stayed at home, ba mhian liom fanacht ag baile.
I fancy he is out, sílim go bhfuil sé as baile.
To go far, dul i bhfad (ó bhaile).
To fence a town (about, round) with walls, ballaí a thógáil thart ar bhaile.
The whole town was in a state of ferment, bhí coipeadh ar mhuintir an bhaile go léir.
The town was in a state of fermentation, bhí muintir an bhaile uile an-chorraithe.
To put the town to fire and sword, faobhar agus tine a thabhairt don bhaile.
When I first came to Dublin, ar theacht go Baile Átha Cliath dhom den chéad uair.