PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Abstract noun, ainm teibí.
F: What's his name again? cén t-ainm seo atá air?
He was alleged to be dead, bhí sé in ainm a bheith marbh; bhí sé marbh, má b'fhíor.
Anonymous writer, scríbhneoir gan ainm.
He remained anonymous, choinnigh sé a ainm ceilte.
It was published anonymously, foilsíodh é gan ainm ar bith.
He did not answer his name, níor fhreagair sé a ainm.
F: An apology for a knife, ainm m scine.
To append a signature to a document, ainm a chur le scríbhinn.
To assign land to s.o., talamh a chur in ainm duine.
He assumed a new name, thug sé ainm eile air féin.
Assumed name, ainm m bréige; ainm cleite.
I cannot pardon his assumption of my name, ní féidir liom a mhaitheamh dhó gur ghlac sé m'ainm chuige féin.
His name was Séadna, is é an t-ainm a bhí air (ná) Séadna.
The document bears your signature, tá d'ainm leis an scríbhinn.
On behalf of s.o., in ainm duine; thar ceann duine.
To make believe to do sth., bheith in ainm a bheith ag déanamh ruda, bheith ag cur i gcéill go bhfuil rud á dhéanamh agat. S.a. MAKE-BELIEVE.
Blessed be Thy Name, go naofar d'ainm.
I called him by his name, ghlaoigh mé air ina ainm.
He checked (off) the list of names, rinne sé pointeáil ar an liosta ainmneacha.
Gram: Common noun, ainm coitianta.
F: A name to conjure with, ainm duine chumhachtaigh.
The name conveys nothing to me, ní thugann an t-ainm léargas ar bith dhom.
To cry out a name, ainm a ghlaoch, a scairteadh.
To decide upon a day, ainm a chur ar lá, lá a cheapadh.
He was leader in deed, though not in name, ba é an taoiseach dáiríre é, cé nach raibh an t-ainm air.
Designated by the name of . . ., (duine, rud) darb ainm ...
It is known under several designations, is iomaí ainm atá air.
Go to the devil! téirigh in ainm an diabhail!
To work like the devil, oibriú in ainm an diabhail.
To his everlasting disparagement he signed the decree, thuill sé náire shíoraí de bharr a ainm a chur leis an ordú.
Have you enrolled for the course? ar chuiris d'ainm síos don chúrsa?
To enter a name on a list, ainm a chur ar liosta.
His name had escaped me, bhí a ainm imithe as mo chuimhne.
Their name liveth for evermore, mairfidh a n-ainm go brách na breithe.
F: To wish s.o. farther, duine a chur in ainm an diabhail.
Feigned name, ainm bréige.
His name figures on the list, tá a ainm ar an liosta, luaitear a ainm ar an liosta.
The President was only a figure-head, ní raibh ann ach ainm uachtaráin.
Name, style, of the firm, ainm trádála.
F: To keep the flag flying, ainm (teaghlaigh, etc.) a choimeád in airde (os comhair na ndaoine).
He was so called from his yellow complexion, as a bhuíocht a tugadh an t-ainm sin air.
Name in full, (i) ainmneacha mpl agus sloinneadh m; (ii) an t-ainm scríofa ar a fhad.
His name was, appeared, in the Gazette, bhí a ainm ar an Iris.
Gentilitial name, (i) ainm m cine, sloinne f; (ii) ainm m uasal.
To give a child a name, ainm a thabhairt ar pháiste.
To give in one's name, d'ainm a chur síos.
He went by a false name, thug sé ainm bréige air féin.
For goodness' sake! in ainm Dé! i gcuntas Dé!