EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ó1 fir garmhac (níl mac ná ó aige); (i sloinnte) (Seán Ó Briain); (Bean Uí Mháille; Mac Uí Dhónaill)
ó2 cón & rfh ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
ó3 dob i leith, i dtreo (ó thuaidh, taobh ó dheas de)
ó4 intr (ó, ní hea; a mhic ó!)
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
airgead cothabhála a íocann fear lena bhean chéile atá scartha uaidh
rud a mhéadaíonn nó a ardaíonn fuaim; gléas a chuireann breis nirt le sruth leictreachais agus a ardaíonn an fhuaim ó ghléas raidió, etc.
staid áite nó tíre ina bhfuil daoine imithe ó smacht dlí
teachtaire ó Dhia; duine naofa; duine fíormhacánta
an bád sa Bhíobla a shábháil Naoi agus a theaghlach agus na hainmhithe a bhí inti ó bhá sa Díle
brath, mothú (airím uaim iad; d'airigh mé sa láthair é; airím chugam féin); cloisteáil (níor airigh mé a leithéid riamh)
tinneas cnámh a thagann ó shéideadh ailt
éirí arís; éirí ó mhairbh; athbheochan
tugtha do bheith ag taisteal nó ag imeacht ó áit go háit
dul nó cur ó áit go háit eile, athrú; taisteal; rud a thiontú ó theanga amháin go teanga eile
ealaín nó toradh an aistrithe ó theanga go teanga eile
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
ach amháin (amach ó bheannú dúinn ní raibh mórán le rá aige)
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
i vásta, millte, ó mhaith (rud a chur amú ar dhuine); ar seachrán ón mbóthar ceart (dul amú)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
an méid blianta atá tugtha ar an saol ag duine nó rud (cén aois é?); fad saoil; seanaois (ag dul in aois); tréimhse, ré (ó aois go haois); céad bliain (an fichiú haois)
i bhfad suas; fada ó bhun go barr; glórach, furasta a chloisteáil
gléas le daoine a thabhairt ó urlár go hurlár i bhfoirgneamh ard
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
fear a bhfuil clann aige; duine dár sinsear (ár n-aithreacha romhainn); seanóir (aithreacha na cathrach); sagart (an tAthair Ó Riain); Dia (an tAthair an Mac agus on Spiorad Naomh)
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
leacht a thálann ainmhithe baineanna ar a rudaí óga; an leacht seo ó bhó nó ó ghabhar a ólann daoine agus a úsáidtear i ndéanamh earraí déiríochta; sú bán ar bith atá cosúil le bainne
feithid chealgach cheathaireiteach a dhéanann mil agus céir as ábhar a bhailíonn sí ó bhláthanna
beannaíocht bhréige nach dtagann ach ó bhéal
eolas a thagann anuas chugainn ó bhéal go béal
spíce oighir ar sileadh ó dhíon
ceann eallaigh ó bhíonn an chéad ghamhain aici
labhairt i gcaoi go síltear nach ón gcainteoir féin atá an chaint ag teacht ach ó phuipéad, etc.
bealach réidh crua a ngluaiseann feithiclí air ó áit go háit
fáscadh nó luí ar rud (cnaipe a bhrú; brúigh síos sa mhála é); sá romhat nó uait (brúigh isteach an doras); plód (brú mór daoine); mionú le meáchan nó le buillí (prátaí a bhrú); tathant (ag brú dí ar dhuine); srianadh (brúigh fút an fhearg)
an ceann is fearr i gcomórtas nó in iarracht (bua a fháil); tabharthas ó Dhia (bua cainte, bua ceoil); maitheas, fiúntas (bua dá bhfuil ag an léann); cáilíocht ar leith (cloch bhua)
an pháirt is ísle de rud (ó bhun go barr); stumpa (bun coinnle); deireadh (bun cúrsa); foinse (bun scéil); aird (bun na gaoithe); lorg (bun ruda a chur); caipiteal nó suim le a bheith ag cur leis (bun agus biseach airgid)
uaim nó siúnta a líonadh chun uisce a choinneáil amach
rud a imeacht uait nó a bheith ar iarraidh (radharc, airgead, a chailleadh); gan a fháil (chaill mé an tAifreann); titim ar gcúl (cailleann an clog sin nóiméad sa lá); teip i gcluiche nó i gcomórtas; bás a fháil (ó cailleadh m'athair)
léarscáil farraige mar aon le cóstaí, taoidí, doimhneacha agus tanaíocha, agus baill chontúirteacha eile; cáipéis scríofa oifigiúil ina dtugtar cearta agus pribhléidí, go háirithe ceann a thagann ó cheann stáit nó ó rialtas (cairt baile, cairt cathrach)
dealú crotail ó ghráinne arbhair; doirteadh (ag cáitheadh báistí, allais); bualadh, spíonadh (cáite ag an obair)
leac ar chraiceann (ó obair chrua)
cineál ola agus boladh láidir uaithi a úsáidtear i gcógais agus i millíní leamhan
substaint dhonn mhilis a fhaightear ó shiúcra agus a úsáidtear chun milseog nó le dath a chur ar bhia, etc.
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
(t céin in abairtí) achar ama, aois (na cianta ó shin)