PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He had a hard bringing up, tógadh go crua é. S.a. UPBRINGING.
They had a burst up, d'éirigh achrann eatarthu.
He has a card up his sleeve, tá cárta cúil aige; tá cleas eile fós aige.
(Of sky) It has clouded (up, over), tá scamall tagtha air; tá sé faoi dhuifean.
He has crocked up, tá sé tolgtha.
A battalion has been cut up, tá mionú déanta ar chath.
The road has been cut up by the rains, tá an bóthar bainte ag an mbáisteach.
They had given up expecting me, bhí a súil curtha díom acu.
I've fixed it up, tá sé réitithe agam.
The river has, is, frozen (up), tá an abhainn reoite, tá an abhainn ina reolach.
Where have you got up to? cá fhad chun tosaigh atá tú?
He has got up, tá sé ina shuí.
He has given up that habit, tá an nós san caite faoi thóin cártaí aige.
He has given up drink, tá droim, cúl, láimhe tugtha leis an ól aige.
I had given him up (for lost), is fada a bhí mo shúil bainte agam de, a bhí deireadh dúile tugtha agam leis.
Bread has gone up (in price), tá an t-arán ardaithe, daoirsithe.
The hour has come to go to bed, to get up, etc., tá sé in am luí, éirí, etc.
He has considerable leeway to make up, tá ródadh m mór air; tá sé go mór i ndiaidh láimhe; tá thiar go mór air.
They have lit up, tá solas amuigh acu.
I have made up my mind on it, tá sé socair i m'intinn agam; tá mé meáite air.
Sch: He has been moved up, cuireadh chun cinn é go dtí an chéad rang eile.
He has been up since morning, tá sé ina shuí ó mhaidin.
He has a plan up his sleeve, tá cárta cúil fós aige, tá cleas folaigh éigin aige.
You have been up to your old tricks, tá an tseanchleasaíocht arís ort.
The shops had their shutters up, bhí na comhlaí ar fhuinneoga na siopaí.
He has his ups and downs, bíonn sé thuas seal agus thíos seal.
I have used up all the money, tá an t-airgead ar fad caite agam.
To have a wash and a brush up, baslach a bhualadh ort féin.
He had the wind up, bhí eagla a chraicinn air.