EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
freeze, 1 v.i. a Impers. Siocann. It is freezing hard, tá sé ag cur sheaca go trom, tá sé ag sioc go tréan. It will freeze, déanfaidh sé sioc; tá sioc air. b Reonn. The river has, is, frozen (up), tá an abhainn reoite, tá an abhainn ina reolach. The pipes froze (up), rinne oighear den uisce sna píopaí. F: I am frozen, tá an fuacht dulta go croí ionam; táim sioctha, leata. F: To freeze on to s.o., dul i ngreim i nduine, bheith sna sála de shíor ag duine. The smile froze on his lips, chalc an gáire ar a bhéal. c He froze to death, cailleadh leis an bhfuacht é. 2 a Reoim, oighrím (rud). To freeze the blood (in s.o.'s veins), an croí a chur ina stad i nduine. b Fin: Coiscim (cairde, iasacht airgid); buanaím (praghsanna).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Com: Frozen meat, feoil reoite.
Frozen assets, sócmhainní ina stad.
I am frozen to death, tá an fuacht dulta go smior ionam, tá mé dealraithe.
It is freezing hard, tá sé ag sioc go crua.
I am frozen to the marrow, tá an fuacht go smior ionam.
Frozen solid, ina aon reolach amháin.