EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
trick1, s. Cleas m. 1 a Cleas m; cluain f. To play a trick on s.o., mealladh a bhaint as duine; cluain a chur ar dhuine. To obtain sth. by a trick, rud a fháil le cleas, le cluain. b Cleas m; beart m, seift f. Tricks of writing, cleasa scríbhneoireachta. The tricks of the trade, ealaín f na ceirde. He knows a trick or two, he's up to every trick, boc cleasach é; is mó lúb ina chorp siúd. I know a trick worth two of that, tá cleas agamsa is fearr ná sin arís. He knows the trick of it, tá an lámh aige air. That'll do the trick, déanfaidh sin an beart. 2 Cleas m, bob m, áilteoireacht f, leorthóireacht f. Shabby trick, scurvy trick, cleas gránna, beart suarach. To play a trick on s.o., cleas a imirt ar dhuine; bob a bhualadh ar dhuine. You have been up to your old tricks, tá an tseanchleasaíocht arís ort. 3 Cleas m. Card trick, cleas m cártaí. F: The whole bag of tricks, an mangarae ar fad i dteannta a chéile; na cip agus na meanaí. Trick-riding, cleasaíocht mharcaíochta. 4 Nós m, faisean m, cleas. To have a trick of doing sth., é a bheith de nós agat rud a dhéanamh. It's a trick of his, faisean é atá aige. 5 Cards: Cúig f. He took the first trick with the king, fuair sé an chéad chúig leis an rí. 6 Nau: Trick at the wheel, seal m ar an stiúir.
trick2, v.tr. 1 Imrím cleas ar (dhuine); cuirim cluain ar (dhuine); buailim bob ar (dhuine). He was tricked, himríodh air; cuimlíodh sop na geire dó. To trick s.o. out of sth., rud a bhaint de dhuine le calaois. 2 F: To trick s.o. out, duine a fheistiú, a ghléasadh(with, in, le, i).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Confidence-trick, feall m ar iontaoibh.
To play s.o. a dirty trick, cleas gránna a imirt ar dhuine.
He fell for the trick, mealladh leis an gcleas é.
A favourite trick of his, cleas a bhfuil sé an-tugtha dó.
None of your funny tricks! I don't want any funny business! cuir uait an phleidhcíocht, na geáitsí.
To get on to the trick, dul amach ar an gcleas.
Cr: Hat trick, tréchleas m.
Lousy trick, cleas gránna, suarach.
That's a low trick! sin cleas suarach.
Low-down trick, cleas suarach.
Cards: To make a trick, cúig a thógáil; beart a ghnóthú.
A mean trick, cleas gránna.
Nasty trick, cleas gránna.
Obvious tricks, cleasa follasacha.
Cards: To pick up a trick, cúig a bhailiú isteach.
To play a trick on s.o., cleas a imirt ar dhuine.
Rascally trick, droch-chleas m.
Scurvy trick, cleas m suarach.
Tricks easily seen through, cleasa nach gcuirfeadh dallach dubh ar pháiste.
Cards: To take a trick with the king, cúig a bhaint leis an rí.
There is no trick that you can think of that he did not try, níl aon chleas dá bhféadfá cuimhneamh air, nár thriail sé.
Underhand trick, claonbheart m
To be up to s.o.'s tricks, bheith inchomhraic le duine.