EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
foot1, s. 1 a Troigh f, cos f. One of two feet, leath-throigh, leathchos. A broad, flat foot, spág f. To get under s.o.'s feet, dul faoi na cosa ar dhuine. From head to foot, ó sháil go rinn. To put one's best foot forward, (i) géarú sa siúl; géarú ar an gcoisíocht; (ii) do dhícheall a dhéanamh. To sit at s.o.'s feet, (i) suí ag cosa duine; (ii) bheith mar dheisceabal ag duine. To set foot on an island, dul i dtír, cos a leagan, ar oileán. To knock s.o. off his feet, duine a chur, a bhaint, dá bhoinn. To carry s.o. off his feet, duine a chur thar bharr a chéille (le háthas, le líonrith). He kept his feet, (i) d'fhan sé ina sheasamh, choimeád sé a sheasamh; (ii) F: choimeád sé a ghreim; sheas sé an fód. He rose to his feet (again), d'éirigh sé ar a bhoinn arís. He is on his feet, tá sé ina sheasamh. He is on his feet again, tá sé ar a chois arís. To set s.o. on his feet, (i) duine a chur ar a chosa, ar a bhoinn; (ii) duine a fhódú, a bhunú (i ngnó). He has found his feet, tá sé bunaithe ann; tá sé chun fiaigh, chun reatha. He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin. To put one's foot down against, upon, sth., cos a chur in aghaidh (scéime); cos a bhualadh i dteannta ar (dhrochbhéas). He put his foot down, thug sé le fios gurb é féin an máistir. He got his foot in, fuair sé áit a chos ann. He put his foot in it, rinne sé a bhotún, a mhíthapa. He had, got, cold feet, theip an misneach air. b Céim f, coiscéim f. He has a light, a heavy, foot, tá coiscéim éadrom, trom, aige; tá sé éadrom, trom, ar a chois. Swift of foot, luathchosach. c Adv.phr. On foot. (i) De chois, de shiúl cos. (ii) (Duine) ina sheasamh, ar a chois. To buy cattle on foot, stoc a cheannach ar a gcosa. (iii) Ar siúl, ar bun. To set a business on foot, gnó a chur ar bun, ar siúl. Under foot, underfoot, faoi chois, faoi chosa. To trample, tread, sth. under foot, satailt ar rud; rud a phasáil faoi chois; gabhail de chosa i rud. 2 Crúb f (beithígh, éin); lapa m (madra, cait). Equit: The fore feet, na cosa tosaigh. 3 Coll: Mil: Coisithe mpl. Foot and horse, na coisithe agus an marcshlua. Twenty thousand foot, fiche míle coisí. Twenty thousand horse and foot, fiche míle idir chois agus mharcshlua. 4 a Troigh f (stoca). b Bun m (boird, leapa, leathanaigh, locha, cnoic). At the foot of the page, ag bun an leathanaigh. At the foot of the list, of the class, ag bun an liosta, an ranga. 5 a Pros: Troigh f. b Meas: Troigh f.
foot2, v.tr. 1 a Rincim (cor), b F: To foot it, (i) greas rince, cúrsa damhsa, a dhéanamh; (ii) dul de chois. 2 To foot a stocking, troigh a chur faoi stoca. 3 To foot turf, móin a ghróigeadh, a chnuchairt. 4 To foot the bill, an scór a ghlanadh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
(Of pers.) He alighted on his feet, tháinig sé chun talaimh ar a dhá chois.
With one's feet wide apart, agus na cosa scartha.
My foot is asleep, tá codladh gliúragáin, codladh grifín, i mo chois.
Athlete’s foot, borrphéist f choise.
He wouldn't know B from a bull's foot, ní aithneodh sé b thar chrúb tairbh.
He has the ball at his feet, tá rith an rása anois aige.
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain).
He was bound hand and foot, bhí ceangal na gcúig gcaol air.
F: The boot is now on the other foot, ar chasadh na n-each, tig athrach scéal; tá malairt scéil anois ann.
The table is three feet in breadth, tá an bord trí troithe ar leithead.
The road is forty foot broad, tá an bealach dhá fhichead troigh ar leithead.
Three feet by two, trí troithe ar dhá throigh.
This one is longer by two feet, is faide de dhá throigh an ceann seo; tá dhá throigh ag an gceann seo ar an gceann eile.
My feet are as cold as ice, tá mo chosa préachta, dealraithe.
Sp: Hand-foot combinations, comhghníomhú cos is lámh.
Meas: Cubic foot, troigh chiúbach.
To be ten feet deep, bheith deich dtroithe ar doimhne.
To go part of the distance on foot, dul tamall den tslí de chois.
To do three miles on foot, dul trí mhíle de shiúl cos.
He drags his feet, bíonn sé ag tarraingt a chosa ina dhiaidh.
Nau: She draws 20 feet of water, fiche troigh a tharraingíonn sí, an snámh atá aici.
On a footing of equality, on an equality, ar chomhchéim(with, le).
To eye someone from head to foot, duine a iniúchadh ó bhonn go baitheas.
He fell on his feet, (i) tháinig sé anuas ar a chosa; (ii) bhí an t-ádh ina chaipín.
Feet fast in the mud, cosa i bhfostú sa lathach.
She felt her feet to be stone cold, mhothaigh sí a cosa chomh fuar le leac oighir.
A flat-footed person, clabhcánaí m, leifteánach m.
Flat-footed, spadchosach, báthlach.
Sure-footed, daingean ar na cosa, ceaptha ar na cosa.
He lost his footing, cuireadh dá bhoinn é; leagadh as a sheasamh é.
I missed my footing, d'imigh na cosa uaim.
To gain a footing, cos a chur i dtaca, i dteannta.
On a war footing, mar a bheadh le linn cogaidh.
On that footing, ar an starr sin.
To be on an equal footing (with. . .), bheith ar comhchéim, bonn ar aon (le...).
He paid his footing, dhíol sé a chead isteach.
He was going at a foot-pace, bhí sé ag imeacht leis de réir a choise.
The ground gave way under our feet, d'imigh an talamh ónár gcosa; d'oscail an talamh faoinár gcosa.
He went on foot, chuaigh sé (ann) de shiúl cos, de chois.
These shoes won't go on (my feet), tá na bróga seo róbheag dom.
I have one foot in the grave, tá cos liom san uaigh (agus an chos eile ar a bruach).
The sanded floor grits under your feet, bhraithfeá gaineamh an urláir á mheilt faoi do chosa.
He cut the ground from under my feet, (i) níor fhág sé cos fúm; níor fhág sé focal agam; (ii) chuaigh sé i mbarr mo chuid scéimeanna orm.
From head to foot, ó mhullach go sáil; ó bhonn go baithis.
Wall six feet in height, balla sé troithe ar airde.
Wall five feet high, balla cúig troithe ar airde.
He hurt his foot, ghortaigh sé a chos.
My feet are like ice, tá mo chosa préachta.
Two feet in length, dhá throigh ar fad.