TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hall1, s. 1 Halla m. a Dining-hall, (i) seomra m bia; (ii) (of college) proinnteach m. b The servants' hall, seomra m na seirbhíseach. The women's hall, grianán na mban. c Concert hall, halla ceolchoirme. Music-hall, amharclann cheoil. 2 a Cúirt f; caisleán m; áras m; teach m mór. He was born in marble halls, bhí an saibhreas chun an tsaoil leis. b Teach m cruinnithe, halla m. S.a. GUILDHALL, TOWN-HALL. 3 Entrance-hall, forhalla m. Hall porter, doirseoir m.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The acoustics of the hall, éisteacht f an halla.
F: Baronial hall, dúnáras m.
The receipts are conditioned by the size of the hall, braitheann an fáltas ar fhairsinge an halla. Riochtaím.
The hall was crowded with people, bhí an halla lán go doras.
F: After the chairman's speech there was a general exodus from the hall, i ndiaidh óráide an chathaoirligh bhánaigh an halla.
The hall is open free on Saturdays, tá cead isteach saor sa halla ar an Satharn.
It has the hall-mark of genius, tá rian na hardéirime air.
Hypostyle hall, halla colúnach, halla colún.
F: This is Liberty Hall, ná bíodh coimhthíos anseo ort ach mar a bheifeá sa bhaile.
The parochial hall, halla an pharóiste.
Hall seated to hold a thousand, halla ina bhfuil suíocháin, áit suite, do mhíle.
The seating capacity of the hall, uimhir na suíochán sa halla.
Ten: To smash the hall, an liathróid a smísteáil.
Upper end of a hall, éadan, ceann, uachtarach halla.