TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
free1, a. & s. 1 Saor. Nau: Free port, calafort saor. Thought is free, níl srian le cur ar an smaoineamh. Man is a free agent, tá an duine neamhspleách. I am a free agent, níl mo bheann ar aon duine. To set a slave free, daor m a fhuascailt, a shaoradh. To set a bird free, éan a scaoileadh amach. To set free a prisoner, príosúnach a scaoileadh saor, a cheann a ligean le príosúnach. She offered to set him free, thairg sí é a scaoileadh óna ghealltanas. 2 (Unoccupied) Saor, folamh, díomhaoin. I’ll be free at three, beidh mé ar scor ag a trí. Is this table free?, an bhfuil an bord seo tógtha? Tg: Tp: Free line, líne dhíomhaoin. A free day, lá scoirthe, lá saoire. 3 a Free speech, saoirse f cainte. Free will, saorthoil f -a. Of his own free will, dá shaorthoil féin. Right of free entry, ceart m saoriontrála. I have a free hand, táim ar mo chomhairle féin, ar mo thoil féin; tá cead fara agus fré agam. To give s.o. a free hand, cead a chinn a thabhairt do dhuine. You are free to do so, níl a bhac, aon chros, ort a dhéanamh. You are free to do as you please, féadfaidh tú do rogha rud a dhéanamh; níl stad ná stopadh ort. Fishing is free here, tá cead iascaigh anseo. b (Of touch, style, etc.) Éasca, réidh, aclaí, líofa. c Scaoilte. Free end of a rope, ceann marbh téide. Mec.E: Free motion of a piece, soghluaisteacht f píosa (in inneall). d Free from sth., of sth., saor ó rud. To be free from care, bheith gan cúram, saor ó bhuaireamh. He is free from all preoccupations, níl rud ar domhan ar a aire. Place free from dust, áit a bheadh glan ó smúit. Style free from affectation, stíl a bheadh saor ó chur i gcéill. At last I am free of him, táim scartha leis faoi dheireadh. To break free from s.o.'s influence, imeacht ó chumhacht duine. e Saor(of, ó). Cust: Free of duty, duty-free, saor ó dhleacht. Free list, liosta saorearraí. 4 a Ch: etc. (Of gas, etc.) Saor. Free gold, ór gan oibriú. b Free energy, ardchumhacht f. 5 a Free offer, tairiscint dheonach. Free choice, rogha de dheoin. As a free gift, mar bhronntanas saor in aisce. Pros: Free verse, saormheadaracht f. You are very free in blaming others, is réidh uait an milleán a chur ar dhaoine eile. b Flaithiúil, fial, boigéiseach. To be free with sth., bheith flaithiúil le rud. He is free with his money, caitheann sé a chuid airgid go bog, go fras. He is free with what is not his own, is fial a stiall de leathar duine eile. He is free with his hands, tá sé bosluath, tapaidh as a lámha. c (Of pers., manner) Fáilteach, oscailte, réidh. Free and easy, réchúiseach, neamhchorrbhuaiseach. In a free and easy tone, de ghlór dhíolúnta. d To make free with s.o., dánacht f, teanntás m, a imirt ar dhuine. To make free with sth., rud a chaitheamh go rábach. e (Of language) Garbh, béalscaoilte gráisciúil. 6 He is free of our house, tá fáilte roimhe i gcónaí chun an tí againn. 7 Saor, in aisce. Admission free, cead isteach saor. Th: etc: Free ticket, ticéad m in aisce. Com: Delivery free, seachadadh m in aisce. Post free, saor ar an bpost. Free on rail, saor ar iarnród. Free alongside ship, saor cois loinge. Free on board, saor ar bord. 8 adv. a Catalogue sent free on request, clár in aisce ach é a iarraidh. The hall is open free on Saturdays, tá cead isteach saor sa halla ar an Satharn. b Vessel running free, long á leagan (anuas), ag rith le gaoth. ► freely, adv. 1 Go saor, etc.; gan bhac. To give freely to s.o., tabhairt go flaithiúil do dhuine. To spend freely, airgead a chaitheamh go boigéiseach. To weep freely, gol go fuíoch. 2 (Labhraím) go hoscailte, go neamhbhalbh, gan eagla.
free2, v.tr. a Saoraim, fuasclaím (cine); scaoilim (príosúnach). I freed myself from his grasp, bhain mé mé féin as a ghreim, scaoil mé a ghreim orm. b Cuirim, saoraim (duine ó imní, ó ghanntan). c Réitím, osclaím (cosán, bóthar). To free a road of snow, sneachta a ghlanadh de bhóthar. d Mec.E: Réitím (gléas). e Réitím (síothlán, scagaire). f To free a property (from mortgage), an morgáiste a fhuascailt ar shealbhán.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Admission free, saorchead isteach.
The advocates of free trade, lucht molta na saorthrádála.
He is a free agent, níl bacainn ar bith air.
Com: Carriage free, iompar m in aisce.
Free, easy, carriage, imeacht éasca ligthe.
Free of charge, saor in aisce; gan dada; mar bhronntanas; mar thabhartanas.
Free from defilement, gan teimheal, gan smál.
Com: Delivered free, seachadadh in aisce.
Free delivery, seachadadh in aisce.
To free an estate from encumbrances, fiacha mpl eastáit a ghlanadh.
Free of expense, gan chostas, saor in aisce.
Free fight, gráscar, rúscadh m.
He is for free trade, tá sé i leith, i bhfabhar na saorthrádála.
Free-hand (drawing), saorlíníocht f.
Free-will offering, ofráil dheonach.
Free from tax, saor ó cháin.
To acquire sth. by free gift, rud a fháil saor in aisce.
If it is fine, and (if) I am free, I shall go there, má bhíonn sé go breá, agus mé (bheith) saor, agus go mbeidh mé saor, rachaidh mé ann.
Free ingress, saorchead isteach.
He jerked himself free, d'fhuascail sé é féin d'aon sracadh amháin.
Fb: Free kick, saorchic f.
That leaves John free to do what he wants, fágann sin cead ag Seán a rogha rud a dhéanamh.
Free library, leabharlann shaor.
He is free to act as he likes, tá sé ar a chomhairle féin; tá cead a chinn aige.
Jur: Free pardon, saormhaithiúnas m.
Rail: Th: Free pass, ticéad m saor, comaoine.
He has free range of the house, tá rith an tí aige.
To give s.o. a free rein. srian, scód, a ligean le duine.
To have the (free) run of the house, cead do choise a bheith agat ar fud an tí.
To run free, imeacht le scód.
He has free, full, scope to act, tá cead raide aige.
He got off scot-free, thug sé na haenna leis slán sábháilte.
They themselves were free, bhí a saoirse acu féin.
Should I be free I shall come, má bhím saor, ach a bheith saor, tiocfaidh mé.
Free-hand sketch, saorsceitse.
Meat free from taint, feoil gan aon chor inti.
Free of tax, tax free, saor ó cháin, gan cháin.
Thought is free, tá cead smaoinimh ag gach duine.
I have my weekends free, bíonn deireadh na seachtaine saor agam.
He did it of his own free will, dá dheoin féin a rinne sé é.
He worked his hands free, d'oibrigh sé a lámha as an gceangal; d'éirigh leis a lámha a scaoileadh.
She wrenched herself free, bhain sí í féin as greim le teann strócántachta.