DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
réamhfhocal in ionad do, de (doras a dhúnadh, bainne a ól, chuaigh sé a chodladh); (a chois na tine; a seacht a chlog)
chun do bhaile féin (teacht abhaile); chun na háite a mbaineann sé leis (tairne a chur abhaile)
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
cuntas giorraithe agus gan tugtha ach na príomhphointí
dhá chnapán bheaga feola ar chúl na sróine a chuireann isteach ar an anáil nuair a atann siad
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
ligean na gaoithe trí rud
na litreacha ar fad a úsáidtear i dteanga agus iad in ord speisialta
príomhshearmanas na hEaglaise Caitlicí, íobairt Chorp Chríost; ceol a chumtar go speisialta don searmanas sin
duine a dhearann agus a leagann amach na pleananna do lucht tógála
staid an atmaisféir (teas, fuacht, grian, fearthainn, etc.); (aimsir mhaith, drochaimsir); am, ré nó tréimhse; tráth den bhliain (aimsir na Nollag); tréimhse sheirbhíse le duine eile (in, ar, aimsir ag); foirm den bhriathar a léiríonn an gníomh a bheith láithreach, caite nó fáistineach, etc. (tá, bhí, beidh; cuireann, chuir, cuirfidh)
an bád sa Bhíobla a shábháil Naoi agus a theaghlach agus na hainmhithe a bhí inti ó bhá sa Díle
comhaireamh, cuntas (rud a chur san áireamh); uimhríocht; uimhir nó suim (áireamh daoine); cur i gcuntas (ní áirím thusa; ag áireamh na mblianta)
airgead na tíre idir nótaí agus bhoinn
ordú, tiomnú (na Deich nAithne)
na deora a thagann amach tríd an gcraiceann le teas nó le saothar
féilire, i bhfoirm leabhair de ghnáth, a thugann eolas faoin aimsir agus faoi nithe a tharlaíonn le linn na bliana
siúnta idir dhá chuid de rud (ar nós glúin, rúitín, ailt na méire, etc.); dual (in adhmad); airteagal (i gconradh); aiste scríbhneoireachta; an agus na sa Ghaeilge
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
faoin aer (amuigh sa pháirc); gan a bheith istigh nó sa bhaile (tá fear an tí amuigh); i bhfad uait (amuigh ag bun na spéire); is faide amach (an balla amuigh); as áit, as alt (tá mo ghualainn amuigh); tagtha amach (tá na bláthanna amuigh); sa domhan (an rud is measa amuigh); gan íoc, le híoc fós (tá fiacha amuigh agam air); críochnaithe (tá an cluiche amuigh); gan oibriú (tá an talamh amuigh bán)
seaicéad in aghaidh na síne agus cochall air
tráth míchuí (rud a dhéanamh in antráth); tráth an déanach (in antráth na hoíche)
le haghaidh (in araicis na maidine)
áit chónaithe (áras duit féin); iostas (áras na hoíche); teach, foirgneamh; árthach (árais tí); broinn (in áras an chléibh)
an phearsa scoile atá freagrach as na múinteoirí agus na mic léinn ar fad
scrúdú clabhsúir na scoileanna iarbhunoideachais
comhrá teasaí, bruíon le focail; léiriú na réasún atá i bhfabhar nó in aghaidh ruda
uirlis troda; uirlis oibre; airm le chéile (lucht airm); fórsaí troda faoi airm (arm na tíre)
ceann de na feadáin chaola a bheireann an fhuil ón gcroí go dtí baill eile den chorp
ó áit nó ionad (bain as do phóca é, léigh mé as leabhar é, lig as an rang é, d'íoc sí as a tuarastal é, as measc na ndaoine, as gach aird); ó ábhar nó meán nó staid nó foinse (déanta as adhmad, nite as uisce, rinne sí as a stuaim féin é; baisteadh as a athair é); ó raon (as amharc, as éisteacht); i ndíth (as obair, as seilbh, tá sé as a mheabhair); de bharr (labhairt as fearg); dealú (a haon as a dó)
galar a chuireann as d'fheadáin na scamhóg agus a dhéanann análú deacair, múchadh
duine a dhéanann staidéar ar na réaltaí agus a dhéanann fáistineacht
fear a bhfuil clann aige; duine dár sinsear (ár n-aithreacha romhainn); seanóir (aithreacha na cathrach); sagart (an tAthair Ó Riain); Dia (an tAthair an Mac agus on Spiorad Naomh)
cogaint na círe mar a dhéanann bó
babaí; maighdean óg (ag na filí)
caitheamh liathróide os cionn láimhe nó á rolladh ar an talamh chun na sprice
beart de rudaí á iompar ar bhacán na láimhe
na héadaí agus na rudaí eile a thugann duine leis ar aistear
dráma damhsa ar stáitse le ceol; damhsa ealaíonta ar bharr na gcos
cluiche, coimhlint; cluiche iomána; cúl scórála (báire a chur); an spás idir na cuaillí a bhíonn mar sprioc i gcluichí áirithe (cé a bhí sa bháire acu?)
fíochán snáithíneach solúbtha feola a cheanglaíonn na cnámha dá chéile sa chorp
bean a thugann aire do na daoine tinne
tomhas faid ón uillinn go barr na méar
gléas iompair le roth amháin a sháitear leis na lámha
gléas le brú an aeir a thomhas mar chomhartha ar staid na haimsire