PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was bent beneath the burden, bhí sé crom faoin ualach. S.a. KNEE 1.
To bend beneath a burden, lúbadh faoi ualach.
To burden s.o. with sth., rud a chur mar ualach ar dhuine.
To cumber s.o. with parcels, ualach maingíní a chur ar dhuine.
Load evenly distributed, ualach cothrom.
He eased himself of the burden, leag sé an t-ualach uaidh féin; chuir sé an t-ualach de féin.
He left with a heavy heart, d'imigh sé agus ualach ar a chroí.
He is labouring under the burden, tá sé ag cneadach, cromtha, faoin ualach.
To lash down the load on a wagon, an t-ualach a cheangal ar vaigín.
The lazy man’s load, ualach ghiolla na leisce.
Load of a cart, ualach m, iompar m, cairte.
Load per unit area, ualach de réir an aonaid achair.
To load s.o. with sth., ualach ruda a chur ar dhuine.
F: To be loaded up with luggage, bheith (cromtha) faoi ualach bagáiste.
Proportion of the net load to the gross load, coibhneas an ualaigh ghlain leis an ualach iomlán.
To relieve s.o. of sth., (ualach) a bhaint de dhuine; duine a scaoileadh ó (dhualgas).
To saddle s.o. with sth., rud a fhágáil ina ualach ar dhuine.
Saddled with a tax, faoi ualach cánach.
Tchn: Safe load, ualach sábháilte.
To shoulder a load, dul faoi ualach.
His responsibilities sit heavy on him, tá a chúraimí ina n-ualach trom air.
Specified load, ualach achtaithe.
To take a heavy load, bheith acmhainneach ar ualach trom.
Branch weighed down with fruit, craobh faoi ualach torthaí.
To put a weight on a beam, ualach a chur ar bhíoma.
The weight of years, ualach na mblianta.