EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
mere1, s. Loch f -a, linn f.
mere2, a. Lom. Out of mere revenge, le tréan, corp, barr, teann, díoltais. It's mere chance, níl ann ach seans. By mere chance, le barr áidh. The mere sight of her is enough for me, is leor liom aon amharc amháin uirthi. I shudder at the mere thought of it, tig crith orm agus gan ach smaoineamh air. He is a mere boy, níl ann ach gasúr. S.a. NOBODY 2, NOTHING II. 3. ► merely, adv. The invitation is merely formal, níl ann ach cuireadh foirmiúil. He merely smiled, ní dhearna sé ach draothadh gáire. I said it merely as a joke, ní raibh mé ach ar son grinn nuair a dúirt mé é.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
By a mere accident, go díreach de thaisme.
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
By (mere) chance, de thaisme, le barr áidh.
F: He's a mere cipher, ní fiú dada é; duine gan aird é.
It is a mere matter of form, níl ann ach gnás folamh.
A mere formality, gnás folamh, beart ar mhaithe le gnás.
He is but a mere ghost of his former self, níl ann ach scáil i mbuidéal; níl a leath féin ann.
He is a mere machine, oibrí dian é, ach níl aon intleacht aige.
They are (mere) nobodies, níl iontu ach daoine gan iomrá, gan aird; ní daoine d'aon bhun iad.
Five pounds? A mere nothing! cúig phunt? Ní dhéanfadh sé uisce coisreacain (dom); ní fiú dada é sin.
To punish a child for a mere nothing, páiste a bhualadh faoi rud fánach.
He is a mere puppet, tá sé faoi bhois an chait.
I know of it by mere report, nil agam ach mar a chuala mé.
He has a mere scattering of followers, níl ach scata beag scáinte de lucht leanúna aige.
His love was a mere sham, ní raibh ina ghrá ach feall ar iontaoibh.
A mere shell, creatlach m folamh.
A mere speck, oiread m na fríde.
The mere thought of it! agus gan ach smaoineamh air!
He was a mere tool in their hands, ní raibh ann ach giolla acu.
A mere touch, an buille is lú.
Ten pounds, a mere trifle! deich bpunt, ní fiú biorán sin!
A mere veneer of politeness, smearadh m beag múinte.
F: The building is a mere wreck, tá an foirgneamh ina fhothrach, tite chun raice ar fad.