EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
nobody. 1 pron. a Aon duine (with negative expressed or implied). Nobody spoke to me, níor labhair aon duine liom. Who is there? Nobody, cé atá ansin? Níl aon duine, duine ar bith. Nobody is perfect, níl duine ar bith saor ó locht; ní bhíonn saoi gan locht. Nobody is more expert than he, níl a shárú le fáil ag an obair sin. There is nobody better informed, níl aon duine is eolaí ná é. There was nobody else on board, ní raibh an dara duine ar bord. Nobody that was there heard anything, níor chuala aon duine dá raibh ann a dhath. There was nobody about, ní raibh baistíoch ar na gaobhair. b F: I knew him when he was nobody, bhí aithne agamsa air nuair nach raibh mórán le cur in iomartas air. 2 s. Neamhdhuine m. They are (mere) nobodies, níl iontu ach daoine gan iomrá, gan aird; ní daoine d'aon bhun iad.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
No one else, nobody else, aon duine eile.
Nobody heard it except myself, níor chuala aon duine ach mé féin é.
It is nobody's fault but your own, ní aon duine is ciontach leis ach tú féin.
I found nobody at home, ní raibh aon duine istigh romham.
'Tis an ill wind that blows nobody good, is olc an ghaoth nach séideann do dhuine éigin; ní thig olc i dtír nach fearrde duine éigin.
There is nobody like her! níl ann ach í!
Nobody comes within miles of him, níl goir ná gaobhar ag aon duine air.
He was very conceited, so much so that he listened to nobody, bhí sé chomh leitheadach agus ná héisteodh sé le haon duine.
Nobody can come anywhere near her, níl goir ná gaobhar ag aon duine uirthi.
There was next to nobody at the meeting, ní mó ná go raibh, is ar éigean a bhí, aon duine ag an gcruinniú.
Oddly enough, nobody knows anything about it, an rud is aistí faoi, níl aon eolas ag aon duine faoi.
Nobody was a penny the worse, ní raibh aon duine orlach ní ba mheasa leis.
F: He spares nobody, ní théann aon duine saor uaidh.
Here is Mr. Walsh, than whom nobody could advise you better, seo é an Breatnach, fear nach bhfuil a shárú ann le comhairle a chur ort.
He wishes nobody ill, níl droch-chroí, mírún, aige d'aon duine.
He yields to nobody in courage, níl a shárú le fáil ar mhisneach.