PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is held in account, tá meas mór air; tá urraim mhór dó.
A cabinet was held, tháinig an chomh-aireacht le chéile.
They held a consultation, chuir siad a gcomhairle i dteannta a chéile; chuaigh siad i gcomhairle.
He held his master in high esteem, bhí ardmheas aige ar a mháistir.
Held in low esteem, faoi dhrochmheas.
He held extreme opinions, bhí tuairimí míchuíosacha aige.
(Property held in) fee-simple, (gabháltas) bithdhílse f.
F: He had, held, the game in his hands, bhí an cluiche ina dhorn aige.
He held on like grim Death, choinnigh sé greim an duine bháite.
He held the pen in his hand, bhí an peann ina láimh aige.
He held his own against them all, bhain sé ceart den iomlán acu.
The big fair is held in May, faoi Bhealtaine a bhíos an t-aonach mór ann.
This is held to be true, glactar leis seo mar fhírinne.
He held out to the end, sheas sé an fód go deireadh.
The goods were held up at the custom house, baineadh moill as na hearraí ag an gcustam.
He is held in great honour, tá urraim mhór dó.
They held a meeting, bhí cruinniú acu; thionól siad cruinniú.
He was held up to public obloquy, tugadh náire dhó os comhair an tsaoil.
The question is held over, tá an scéal curtha ar athló.
To be held in high repute, dea-chlú, dea-theist, a bheith ort.
He held his audience spell-bound, d'imir sé deismireacht ar a raibh ag éisteacht.
She held him in supreme contempt, bhí drochmheas an domhain aici air.
That is a widely held opinion, sin tuairim atá coitianta.