Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: air · chair · haic · hail · hairc
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
hair could be a grammatical form of: ar »
New English–Irish Dictionary has an entry for hair »
EXACT MATCHES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
hair, s. 1 (Of head) a Ribe m (gruaige). To split hairs, bheith ag mínínteacht, ag cailicéireacht. S.a. TURN2 I. 2. b Coll: The hair, an ghruaig. Head of hair, ceann m gruaige; cúl m gruaige. She is doing her hair, ag réiteach a cinn, a gruaige; ag cur baile ar a gruaig. It is enough to make your hair stand on end, thógfadh an ghruaig de do cheann. Keep your hair on! beir ar do chiall! 2 a (Of body) (Usu. coll. sg). Fionnadh m, clúmh m. b (Of animal) Fionnadh m. Against the hair, in aghaidh stuif; in éadan an ribe. c Rón m (eireabaill, moinge capaill); guaire m (muice).
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Artificial hair, gruaig bhréige.
His hair is cropped close behind, a chúl bearrtha lom aige.
He blushed to the roots of his hair, las go bun na gcluas.
Bob of hair, bob m, boicín m.
The dog bristled his hair, chuir an madra colg air féin.
Brown hair, gruaig dhonn.
Light-brown hair, gruaig bhuí-odhar.
Dark-brown hair, gruaig chiardhonn.
Anat: Hair-bulb, bleibín m ribe.
Camel('s) hair, rón m camaill.
Camel('s)-hair brush, scuab f rón camaill.
To cut hair close, gruaig a bhearradh lom.
Coils of hair, coirníní mpl.
She gave her hair a comb, tharraing an chíor trína gruaig.
Her hair came down to her knees, bhí a cuid gruaige ag teacht go hioscaidí léi.
Hair cropped close, gruaig dhlúthbhearrtha.
My hair is out of curl, an chataíl imithe as mo ghruaig.
He had his hair cut, bearradh a chuid gruaige.
A hair of the dog that bit you, leigheas na póite é a ól arís.
Her hair is down, a cuid gruaige léi síos, ar sileadh léi.
Her hair is hanging down her back, a gruaig ag sileadh siar síos léi.
His hair fell over his shoulders, bhí a chuid gruaige anuas thar a ghuaillí.
To fluff out one's hair, puirtleog a dhéanamh de d'fholt.
Fluffy hair, gruaig chocánach; puirtleog ghruaige.
She flushed to the roots of her hair, las go bun na gcluas.
A fuzz of hair, mothal minchatach gruaige.
She gathered (up) her hair into a knot, rinne cocán gruaig; chuach in airde a cuid gruaige i gcúilín.
Golden hair, gruaig órbhuí, fhionnórga.
His hair turned grey, d'éirigh liath; liath a chúl.
Hair touched with grey, cúl a bheadh i leith na léithe; cúl a mbeadh ribí liatha ann.
Typ: Hair-line letter, litir ríthanaí.
He escaped by a hair's-breadth, idir cleith agus ursain a d'imigh .
He went within a hair's-breadth of it, chuaigh faoi aon de.
There is not a hair's-breadth between them, níl barr ribe eatarthu.
Hair-trigger lock, glas dúbailte.
Her hair hangs down her back, a gruaig siar síos léi.
He had his hair cut, bhearr a ghruaig.
A fine head of hair, cúl m breá gruaige.
Knot of hair, curca m, cocán m.
Lank hair, gruaig lag, dhíreach.
To loop up the hair, an ghruaig a chuachadh in airde.
Her hair hung loose, bhí a gruaig síos léi.
Matted hair, gruaig stothallach, chlibíneach.
Mop of hair, stoth m, grágán m.
Naturally curly hair, gruaig (atá) catach ó nádúr.
Hair net, eangach f, líontán m gruaige.
Toil: Hair-pad, cochaillín m.
To part one's hair, do ghruaig a scoilteadh, stríoc a chur i do ghruaig.
F: To have one's hair permed, buantonnadh a chur i do ghruaig.
To put up one's hair, curca a dhéanamh de do ghruaig.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News