EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
draw up. 1 v.tr. a Tarraingím (rud) aníos; crochaim (dallóg). He drew himself up, dhírigh sé é féin. b To draw up a chair (to the table), cathaoir a tharraingt isteach chuig an mbord. c Cuirim (saighdiúirí) i ranganna. To draw soldiers up in line of battle, eagar catha a chur ar shaighdiúirí. d Dréachtaim (meamram); déanaim amach (cuntas); leagaim amach (scéim, clár oibre). 2 v.i. a To draw up to the table, tarraingt isteach chuig an mbord. To draw up with s.o., teacht ar chomhchéim le duine. b (Of carriage) Seasann, stopann. c (Of troops) Déanann ranganna.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Army drawn up in battle array, arm faoi eagar catha.
To draw up a deed, gníomhas a leagan amach.
To draw up an indictment, cáipéis dhíotála a leagan amach.
To draw up a plan, scéim, plean, a leagan amach.