PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: Firmly anchored faith, creideamh doscoite.
Article of faith, bunalt m creidimh.
Belief in God, creideamh i nDia.
Under the cloak of religion, faoi scáth an chreidimh.
To confess the faith, an creideamh a admháil (os ard), a dhearbhú.
Confession of faith, dearbhú m creidimh.
To have faith in God, creideamh m a bheith agat i nDia.
The Christian Faith, an Creideamh Críostaí.
F: Freak religion, creideamh m aisteach.
To get religion, iompú chun creidimh.
He grounded his beliefs on. . ., bhunaigh sé a chreideamh ar . . .
Well-grounded belief, creideamh atá suite go daingean.
Ill-grounded belief, creideamh gan bhunús.
To hold to a belief, leanúint do chreideamh.
Implicit faith, creideamh iomlán, diongbháilte; creideamh ó chroí.
To instruct s.o. in his religion, fios a chreidimh a thabhairt do dhuine.
He does it from a religious motive, cúrsaí creidimh a thugann air a dhéanamh.
Religious observances, deasghnátha mpl creidimh.
(Religious) persuasion, creideamh m.
They are both of the same persuasion, tá siad ar aon chreideamh amháin.
Profession of faith, admháil f chreidimh.
Rational belief, creideamh m réasúnach.
F: To get religion, (i) teacht chun creidimh; (ii) éirí saobhchráifeach.
Religious minority, mionlach m creidimh.
To renounce one's faith, do chreideamh a shéanadh.
To sap s.o.'s faith, an dúshraith a bhaint de chreideamh duine.
To undermine s.o.'s faith, bonn a bhaint ó chreideamh duine.