EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
company1, s. 1 Comhluadar m, cuideachta f. To keep s.o. company, comhluadar a choinneáil le duine; cuideachta a dhéanamh do dhuine. He was keeping company with her, bhí sé ag gabháil léi. To part company (with s.o.), (i) scaradh le duine; (ii) briseadh le duine. 2 a Conlán m, buíon f, cuideachta f, comhluadar m. Select company, cuideachta thofa. Present company excepted, gan a bhfuil láithreach a chomhaireamh. b (Guests) Cuideachta f, cuairteoirí mpl. We are expecting company, táimid ag súil le cuairteoirí. He put on his company manners, chuir sé gothaí galánta air féin. 3 (Associates) Comhluadar m, cuideachta f. To keep good company, comhluadar maith a thaithí. Avoid bad company, seachain droch-chomhluadar, cuideachta dhrochshamplach. A man is known by his company, inis dom do chomhluadar agus inseoidh mé duit cé thú féin. He is very good company, is breá an chuideachta é. 4 Com: Ind: Comhlacht m, cuideachta f. Holding company, cuideachta urlámhais. Joint stock company, comhlacht comhstoic. Limited (liability) company, comhlacht fiachtheoranta. Smith and Company (and Co.), Mac Gabhann agus a Chomhlacht. 5 a Th: Foireann f aisteoirí. The Abbey Company, Foireann na Mainistreach. Touring company, foireann thaistil. b Nau: The ship's company, foireann f an tsoithigh. 6 Mil: Complacht m. Half-company, leathchomplacht m. F: He got his company, rinneadh captaen de.
company2, v.i. To company with s.o., (i) comhluadar a choinneáil le duine; comhluadar duine a thaithí; (ii) cónaí, taisteal, in éineacht le duine.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Th: Acting company, comhlacht m aisteoireachta.
Com: Bogus company, (i) comhlacht bréige; (ii) comhlacht gan mhaith.
He made his bow to the company, bheannaigh sé don chuideachta; tháinig sé os comhair na cuideachta (don chéad uair).
He made his bow to the company and departed, d'umhlaigh sé don chuideachta agus d'imigh.
To break in (up)on a company, sciurdadh isteach i lúb cuideachta.
To cast a chill over the company, diomú a chur ar an gcomhluadar.
He cast a damp over the company, chuir sé smúit ar an gcuideachta.
He put a damper on the company, chuir sé smúit ar an gcuideachta.
Company at drill, complacht ag aclaíocht, ag druileáil.
Dubious company, cuideachta f éidearfa, dream a mbeadh amhras orthu.
Present company excepted, ach amháin a bhfuil láithreach.
Express company, comhlacht teachtaireachta.
He forced his company on us, bhrúigh sé é féin orainn.
He got into bad company, casadh i measc droch-chomrádaithe é.
To cast a gloom over the company, gruaim, mairg, a chur ar an gcuideachta.
Com: Incorporated company, comhlacht corpraithe.
F: To inflict oneself, one's company, on s.o., comhluadar a bhrú ar dhuine.
Insurance company, comhlacht m árachais.
To issue the ship's company with rum, rum a riaradh ar fhoireann na loinge.
To join forces with s.o., to join company with s.o., dul i leith duine.
The company went into liquidation, scaoileadh an comhlacht.
Livery company, comhlacht m libhré; ceardchomhlacht de chathair Londan.
I am at a loss for company, tá easpa comhluadair orm.
Mixed company, comhluadar measctha.
To promote a company, comhlacht a bhunú, a sheoladh.
Company promoter, bunaitheoir m comhlachta.
Repertory company, stórchompántas m.
Annual report (of a company), tuarascáil bhliantúil (comhlachta).
Salvage company, comhlacht tarrthála.
It isn't said in good company, níl sé inráite i measc daoine fiúntacha.
To set chairs (for the company), cathaoireacha a shocrú (don chuideachta).
The ship's company, an fhoireann.
Stock company, foireann chónaitheach, stóir.
A company two hundred strong, dhá chéad de líon slua.
Subsidiary company, fochomhlacht m -a.
Theatrical company, compántas m aisteoirí.
Th: To take a company on tour, foireann a thabhairt ar an mbóthar.
Th: Touring company, foireann f taistil.
The company wound up, scoir an comhlacht.