PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Don't leave those papers lying about, ná fág na páipéir sin caite ar fud an bhaill.
He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha.
It requires daily attention, caithfear freastal air gach uile lá.
She was thrown on her beam-ends, caitheadh ar a taobh í.
As you make your bed so must you lie on it, mar a chóirigh tú do leaba caithfidh tú luí uirthi.
Every tub must stand on its own bottom, caithfidh duine seasamh ar a chosa féin.
I must call at the shop, caithfidh mé bualadh isteach chuig, turas a thabhairt ar, an siopa.
I must concentrate on the result, caithfidh mé gan cuimhneamh ach ar an toradh.
It must be said to his credit that..., caithfear a rá ar a thaobh go . . .
(Of regulation) It has become a dead letter, tá sé ar ceal, caite i gcártaí.
To toss double or quits, caitheamh ar dhúbailt nó ar chothrom.
She dresses extravagantly, caitheann sí an iomarca airgid ar éadach, téann sí thar fóir le scléip éadaigh.
I am forced to admit that..., tá orm a admháil go..., caithfidh mé a admháil go . . .
He has been in foreign parts, tá tamall caite aige ar an gcoigríoch, thar lear, i gcéin (ón mbaile).
I must have it here and now, caithfidh mé a fháil ar an bpointe boise.
F: (Of books, etc.) To lie kicking about the house, bheith caite ar fud an tí.
His clothes were lying on the ground, bhí a chuid éadaí (caite) ar an talamh.
You must be ready at four o'clock, caithfidh tú, ní mór duit, ní foláir duit, bheith ullamh ar a ceathair a chlog.
He must have missed the train, caithfidh sé gur imigh an traein air.
It necessitates careful consideration, caithfear, ní mór, smaoineamh go maith air.
Ship piled up on the rocks, long a bheadh caite ar na carraigeacha.
I must make a push to get it done, caithfidh mé leagan orm féin lena chríochnú.
Run your eye over it, caith do shúil air.
This news surprises me, I must say, tá an scéal sin ag cur iontais orm, caithfidh mé a rá.
Some other solution will have to be found, caithfear teacht ar réiteach éigin eile.
Stick it down anywhere, caith, buail, ansin in áit ar bith é.
F: It's all U.P. (=up), caith sneachta ar a lorg.
I have used up all the money, tá an t-airgead ar fad caite agam.
(Of dress, etc.) It is the worse for wear, tá séala a chaite air; tá sé smolchaite.