TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
trácht1 fir3 bonn (coise); leithead nó toise boinn (trácht tí, báid)
trácht2 fir3 imeacht, taisteal; turas, aistear (i dtrácht an bhealaigh dom); gnáthú (áit a bhfuil trácht mór air); gluaiseacht daoine, feithiclí, loingis etc., ar bhealaí taistil poiblí; na daoine, feithiclí etc. a thaistealaíonn amhlaidh; trádáil earraí etc. (bád tráchta)
trácht3 fir3 caint, iomrá, labhairt (chuala mé trácht air; ná trácht air); insint
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
trácht, an pháirt de chos nó de bhróg a chuirtear ar an talamh; greim coise ar an talamh (bonn a ghabháil); an pháirt is íochtaraí de rud (bonn colúin, bonn triantáin); fáinne rubair thart ar roth; rian, lorg (ainmhí)
déileáil nó trácht (in earraí)
imeacht, siúl, bogadh ó áit go háit (gluais ort; gluaiseacht tráchta); imeachtaí eagraithe le cuspóir a bhaint amach (gluaiseacht na saoirse)
iarraidh, lorg (bheith san iarratas, ag iarratas); cur isteach go foirmiúil (iarratas ar phost, ar cheadúnas); éileamh, trácht (níl aon iarratas ar bheithígh); lorg síntiús (iarratas do scoil nua, ag bailiú iarratas)
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
trácht, tuairisc, cuntas; ráfla; clú, cáil
tagairt do rud nó trácht air (luaigh sé liom é; rud a lua)
cailleadh ama (cuireadh moill orm); sos, stad (ná déan moill); bac (moill ar thrácht)
stopadh (capall a stad); scor (stad an comhrá; stad an croí ionam); seasamh, stop (tá an trácht ina stad); áit stoptha (stad bus, traenach); snag, bac cainte (tá stad ann); croitheadh, stangadh (baineadh stad asam); staonadh (caint gan stad); cur fút (an teach ar stad sé ann)
stad (stop a chur le caint; bhí an clog, an trácht, ina stop); áit stoptha (ag an gcéad stop eile)
tarraingt; bailiú isteach; trácht, éileamh (is orthu a bhí an tarlú)