TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
screamh bain2 coirt, carr, brat éadrom (screamh ar bharr bainne, ar theanga, ar chraiceann) ► screamhach aid1 ► screamhú fir
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
craiceann crainn; dath coirte, crón; brat salachair; screamh (fágann tae coirt ar chupaí)
seithe, screamh chlúdaigh ar chorp; scannán clúdaigh ar thoradh nó ar ghlasra (craiceann úill, craiceann oráiste); dromchla (craiceann uisce, craiceann talún); snas, bailchríoch (craiceann a chur ar obair; tá craiceann na fírinne air)
an craiceann crua ar chíste, screamh; brat crua (crústa seaca); caitheamh, buille (crústa de chloch, de dhorn)
lathach, salachar; screamh shalachair
eolas ar screamh an domhain agus ar na hathruithe a tháinig uirthi ó chianaimsir
screamh (scim ar fhiacla, scim aoil); imní (ní hé sin atá ag déanamh scime dom)
cuma chríochnúil, slacht, gléas (snas a chur ar obair, ar do bhróga); niamh, imir (tá snas an óir air); blas, tuin (tá snas an Bhéarla air); caonach (liath), screamh, smál