TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
purpose1, s. 1 a Aidhm f; cuspóir m. Fixed purpose, rún diongbháilte. Novel with a purpose, úrscéal m tráchtais. For, with, the purpose of doing sth., le, chun, rud a dhéanamh. The purpose of his visit, brí f a chuairte. To do sth. on purpose, rud a dhéanamh d'aonghnó, d'aonturas. Of set purpose, d'aonúim amháin. b Rún m. Infirmity of purpose, éadaingne f rúin. Infirm of purpose, éadaingean, neamhbhuan. Steadfastness of purpose, daingne f, diongbháilteacht f, tola. 2 Críoch f, gnó m, feidhm f. It serves many purposes, is iomaí feidhm atá le baint as. To answer the purpose, cúis, an gnó, a dhéanamh. For this purpose, le haghaidh na hócáide seo, an ghnó seo. For what purpose? cad chuige? For all purposes, le haghaidh gach uile shórt. For all necessary purposes, le haghaidh gach riachtanais. To retain a portion for purposes of analysis, cuid a choinneáil le haghaidh, faoi choinne, anailíse. 3 To speak to the purpose, labhairt le hábhar. It is not to the purpose, ní bhaineann sé le hábhar. It is nothing to the purpose, níl baint ar bith aige leis an scéal. To come to the purpose, druidim le bunús an scéil. 4 To work to good purpose, toradh (maith) a bheith ar do chuid oibre; obair chríochnúil a dhéanamh. He worked to such good purpose that . . ., rinne sé a chuid oibre chomh maith agus go . . . To some purpose, ar fónamh. To work to no purpose, saothar in aisce a dhéanamh.
purpose2, v.tr. To purpose doing sth., to do sth., leagan amach, beartú, rud a dhéanamh; é bheith de rún, ar intinn, agat rud a dhéanamh.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Allotment of money for a purpose, cur airgid i leataobh le rud a chur i gcrích.
That will answer my purpose, déanfaidh sin scoth gnóthaí dom.
For the attainment of his purpose, lena chuspóir a bhaint amach.
We are at cross-purposes, (i) tá míthuiscint eadrainn; ní thuigeann muid a chéile; (ii) níl ár scéimeanna ag teacht le chéile.
Machine designed for a special purpose, inneall a rinneadh le haghaidh gnó áirithe.
He effected his purpose, chuir sé a chuspóir i gcrích.
For this express purpose, d'aon ghnó chuige seo.
Fixity of purpose, diongbháilteacht f.
To be infirm of purpose, a bheith idir comhairlí; a bheith éadaingean.
Infirmity of purpose, éadaingne f rúin.
To all intents and purposes, it is finished, tá sé críochnaithe, ionann's; tá sé ionann is críochnaithe.
It will serve the purpose, déanfaidh sé cúis, an gnó.
Set purpose, rún daingean.
Setness of purpose, rúndaingne f; diongbháilteacht f.
Threats cannot shake my purpose, ní bhogfaidh bagairt mé.
With singleness of purpose, gan aird ach ar aon chríoch amháin.
With a sinister purpose, le rún oilc, urchóide.
Steadfastness of purpose, rúndaingne f.
Ultimate purpose, cuspóir m ar deireadh thiar.