TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
moment, s. 1 Móimint f. Come in this moment, isteach leat go beo! Wait a moment! One moment! F: Half a moment! fan nóiméad! One moment, please! fan ort! I expect him every moment, tá mé ag súil gach aon nóiméad leis. He was interrupting me at every moment, bhí sé ag gabháil romham ar gach dara focal. He may return at any moment, d'féadfadh sé teacht ar ais nóiméad ar bith feasta. I have just this moment, only this moment, heard of it, anois go díreach a chuala mé é. I saw him a moment ago, chonaic mé ar ball beag é. I came the (very) moment I heard of it, tháinig mé an dá luas agus chuala mé é. The moment I saw him I recognized him, chomh luath géar agus chonaic mé é d'aithin mé é. From the moment when I first saw him . . ., ón gcéad amharc a fuair mé air . . . I am busy at the moment, tá mé gnóthach i láthair na huaire. At the last moment, an mhóimint dheireannach. Just at the right moment, go díreach san am ceart. I won't be a moment away, ní bheidh mé dhá mheandar amuigh. I will go down in a moment, beidh mé síos láithreach. It was all over in a moment, bhí sé uile thart i bhfaiteadh na súl. I want nothing for the moment, níl a dhath de dhíth go fóill orm. Not for a moment did I imagine that. . ., níor shamhail mé riamh go . . . He is the man of the moment, is é fear mór na huaire é. 2 Mec: Móimint f. Moment of inertia, móimint na táimhe. 3 (Of fact, event) To be of moment, bheith tábhachtach. It is of little moment, is beag an tábhacht é; ní fiú smaoineamh air. It is of no moment whether . . ., is cuma cé acu . . .
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
At an awkward moment, ar uair ainnise.
Bending moment, móimint f lúbthachta.
The crucial moment, an uain.
At the earliest possible moment, an dá luaithe is féidir é.
He fires up in a moment, tá sé taghdach.
At a fitter moment, ar ócáid is tráthúla (ná seo).
A moment of forgetfulness, uair an dearmaid.
In the heat of the moment he said it, dúirt sé é nuair a bhí sé tógtha.
At an inauspicious moment, ar an drochuair.
A moment later, nóiméad ina dhiaidh sin.
I worked at it in my leisure moments, bhínn ag gabháil dó nuair bhíodh ionú ón obair agam.
At a lucky moment, ar uair an tsonais; go tráthúil.
At a moment's notice, láithreach baill.
Odd moments, corrthamall beag (scíthe).
You have come at an opportune moment, is maith an tráth a dtáinig tú; is tú a tháinig in am.
The opportune moment, uair f na faille.
Com: We are out of them at the moment, níl aon cheann fágtha againn san am i láthair.
At the precise moment when . . ., cruinn díreach nuair ...
F: The psychological moment, uair f na hachainí, uair na cinniúna.
You came at the right moment, is tú a tháinig go tráthúil.
Can you spare me a few moments? an mbeadh faill agat cúpla nóiméad a chaitheamh liom?
On the spur of the moment, ar ala na huaire.
Stop a moment, fan nóiméad.
Tense moment, uair ghéibheannach.
After thinking a moment I . . ., nuair a smaoinigh mé orm féin tamall beag.
He attacked him in an unguarded moment, fuair sé lom, baol, air.
In an unthinking moment, gan chuimhneamh, le fachnaois.
F: At the moment of danger he vanished, ghlan sé leis ar uair na contúirte.
At that very moment, ar bhuille na huaire sin.
Wait a moment! wait a bit! fan tamall beag!
Just wait a moment, will you? fan tamall beag, le do thoil.
I shall be with you in a moment, beidh mé chugat i gceann nóiméid.