ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He lost his little all, chaill sé cibé pinginí beaga a bhí aige.
Anyone who had seen him at the time . . ., cibé, an té, a chonaic san am é...
Anyhow you can try, féadfaidh tú féachaint leis cibé ar bith.
Anything you like, cibé rud is rogha leat.
He is anything but mad, níl sé ar mire, cibé ar bith eile atá air.
v.i.What e'er betide, cibé ar bith a tharlós.
He is anything but a singer, cibé rud eile é ní amhránaí é.
Come what may, cibé ar bith céard a tharlós.
Do what we would . . ., cibé rud a dhéanfaimis . . .
Do your duty come what may, déan do dhualgas, cibé rud á tharlóidh.
Do what you think expedient, déan cibé rud is dóigh leat a bheidh oiriúnach.
Let him eat anything he fancies, itheadh sé cibé rud is rogha leis.
However he may do it, cibé ar bith mar a dhéanfas sé é; cibé cuma ina ndéanfaidh sé é.
Least of all would I cry, ní chaoinfinn, cibé ar bith eile.
Stay as long as you like, fan cibé fad is maith leat.
I shall do whatever is required, déanfaidh mé cibé rud atá le déanamh.
In any way soever, cibé ar bith dóigh.
Discipline in some form or other, smacht éigin cibé saghas é.
I never liked him somehow, cibé ní faoi deara é, níor thaitin sé riamh liom.
Something or other, rud éigin (cibé rud é).
Somewhere or other, in áit éigin, cibé ar domhan é.
I couldn't think of it! ní dhéanfainn sin cibé rud eile a dhéanfainn!
I give him what little I have, tugaim dó cibé, an, beagán a bhíos, a bhíonn, agam.
He took away what turf they had not used, thug sé leis cibé móin nár ídigh siad.
You can have what few books are left, cibé beagán leabhar atá fágtha féadann tú a gcoinneáil.
What goods I sent for, all arrived safely, cibé earraí ar chuir mé fios orthu, tháinig siad ar fad slán.
Leave me what apples you can't take with you, fág agamsa cibé úlla nach bhfuil tú in ann a thabhairt leat.
What people I knew were all away, cibé daoine a raibh aithne agam orthu, bhíodar as baile,
Come what may, cibé rud a tharlós.
Say what he will.. ., cibé rud a déarfas sé . . ., abradh sé a rogha rud . . .
Whatever you like, cibé ní, rud ar bith, is maith leat, rud ar bith a thogrós tú féin.
Whatever it may be . . ., cibé rud é . . .
Whatever you are interested in, cibé rud a bhfuil spéis agat ann.
Whatever he expected, cibé ní a raibh súil aige leis.
Whatever mistakes he has made, cibé dearmaid a rinne sé.
Every treaty of whatever character . . ., gach conradh is cuma cad é an saghas é . . ., cibé (ar bith) saghas é . . .
You may come whenever you like, féadfaidh tú teacht am ar bith, cibé am, is mian leat.
Go where you like, téigh cibé áit is mian leat.
I will go wherever you want me to, rachaidh mé cibé áit is mian leat.
Wherever they come from they have done very well, cibé ar bith cérb as iad d'éirigh go han-mhaith leo.
We will go whether he comes or not, imeoimidne, tagadh sé nó ná tagadh, cibé acu a thiocfaidh sé nó nach dtiocfaidh.
Whether you like it or not, you have to do it, cibé acu, más, olc maith leat é, caithfidh tú é a dhéanamh.
Take whichever you like, tóg cibé ceann is maith leat.
Whichever of you comes in first gets the prize, cibé duine agaibh is túisce a thiocfas isteach is é gheobhas an duais.
Whichever you expected, cibé ceann a raibh súil agat ins.
Which ever you are interested in, cibé ceann a bhfuil spéis agat ann.
Whichever way he turned, cibé treo ar iompaigh sé.
Whichever party is in power, cibé páirtí atá i réim.
I shall go whither fate leads me, rachaidh mé cibé bealach a dtabharfaidh an chinniúint mé.
Whoever you are, speak! cibé ar bith thú féin, labhair!