TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
appearance, s. 1 a Teacht m i láthair. To make an appearance, one's appearance (at a place), teacht ar an láthair. We must put in an appearance, caithfimid sinn féin a thaispeáint. Th: It was her first appearance, ba é an chéad uair di ar an ardán é. b Jur: Appearance in court, láithreas m, teacht os comhair cúirte. c Publ: Teacht m amach (leabhair). 2 a (Look, aspect) Cuma f, cló m, cruth m -a, deilbh f, cosúlacht f, dreach m –a, dealramh m. He has a hungry appearance, tá dreach an ocrais air. He has a good appearance, tá cosúlacht bhreá fir air. He makes a good appearance, tá teacht i láthair ann. The appearance of the streets, an chuma, an dreach, atá ar na sráideanna. At first appearance, ar an gcéad amharc. One should not judge by appearances, ní hionann i gcónaí an cófra is a lucht. b (Semblance) To, by, all appearances, de réir gach cosúlacht. For the sake of appearances, ar mhaithe le clú, le honóir.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Aggressive appearance, cuma bhagrach.
He is awkward in appearance, tá cuma liobarnach air.
His appearance belies him, tá sé féin agus a chosúlacht in aghaidh a chéile.
By appearances, de réir cosúlachta.
He has a well-cared for appearance, tá cuma na haire air.
Commanding appearance, gothadh m ceannasach, tiarnasach.
Forlorn appearance, cuma dhearóil, ainnis.
His appearance goes against him, tá sé buailte mar gheall ar a dhealramh.
To go by appearances, (rud) a mheas ar a dhealramh.
To improve the appearance of sth., rud a mhaisiú, maise a chur ar rud.
To keep up appearances, taobh na honóra a choinneáil amach.
People of foreign appearance, daoine a bhfuil dreach coimhthíoch orthu.
To be very particular about one's appearance, bheith an-phointeáilte ort féin.
To preserve appearances, an fiúntas a dhéanamh; taobh na honóra a choinneáil amach.
Rakish appearance, cuma réice.
Ruffianly appearance, cuma an bhithiúnaigh.
To save appearances, ar mhaithe le clú.
Don't be taken in by appearances, ná tóg leabhar ar an gclúdach.
To all appearances, de réir gach cosúlachta.
A man of unprepossessing appearance, fear mídhealraimh.
Well-to-do appearance, dreach an tsaibhris, an rachmais.