EXACT MATCHES
IN AN FOCLÓIR BEAG
sliabh fir cnoc ard; maidhm (sléibhte mara); talamh bocht, riasc, corrach
DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ón áit istigh go dtí an áit amuigh (amach as an teach); in áit atá giota uait (os mo chomhair amach); go háit atá níos faide uait (amach an sliabh; chuaigh siad siar amach; amach chun na hAstráile); le himeacht ama (uaidh seo amach); níos moille (amach sa bhliain); siar (fan amach ón tine); ar amharc (an taobh tuathail amach); os comhair an tsaoil (má théann an scéal sin amach ort); os ard (abair amach é); ar fad (is deas amach é); go deireadh (throid siad amach é)
barr géar cnoic nó sléibhe; balla cinn tí a bhfuil barr triantánach air; aill; cúinne; ciumhais, imeall; tosach sciorta
sliabh coirceogach a chaitheann carraigeacha leáite, luaith dhearg, gal etc. trína bhéal in airde uaireanta
fás sléibhe a mbíonn ceann bog bán clúmhach air
moll ard talún ach é níos ísle ná sliabh
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
an taobh thiar den chorp; cúl ruda (droim láimhe, coise; droim cathaoireach); barr nó mullach (droim na cruinne, droim bóthair, droim sléibhe); tonn
gluaiseacht (dul abhaile, anonn is anall); imeacht (cá ndeachaigh sé? rachaimid amach an sliabh); sroicheadh (bhí an t-uisce ag dul go glúine orm); rith (conas tá an scéal ag dul? seo mar a théann an chéad véarsa); cosaint (chuaigh sé pingin mhaith airgid); gabháil, tosú (dul a chodladh, ag léamh); a éirí le (chuaigh agam é a dhéanamh); léamh, tuiscint (is deacair dul amach ar an bhfear sin); teacht (chuaigh feabhas air); titim (ormsa a chuaigh an costas, an milleán); seasamh (is gearr le dul orainn é); teip, múchadh (tá sí ag dul as go mór; tá an lampa ag dul as; chuaigh díom é a dhéanamh); bheith dlite (bhí an méid sin ag dul dó); réiteach le (chuaigh an t-athrú bia go maith dó); imeacht as (dul faoi na gréine); luí isteach le (chuaigh sé sna saighdiúirí); athrú (ag dul i léig, in olcas; ag dul ó mhaith; dul le buile) le cosúlacht nó réiteach (lena máthair a chuaigh sí; ní théann an dá dhath le chéile; téann an deoch síos go maith leis); ceiliúradh, loiceadh (ná téigh siar ar d'fhocal; dul ar gcúl); briseadh, sárú (dul thar fóir; ní rachadh sé thar a fhocal; níl aon dul thairis); polladh (chuaigh an fuacht tríom); caitheamh (ag dul trí airgead); seans (níl aon dul aige air); leagan (dul cainte); bail (ar an dul ina raibh sé); am, ócáid (den dul seo; ar an gcéad dul síos)
ainmhí beag ceathairchosach clúdaithe le gainne agus eireaball fada air (earc luachra, sléibhe); reiptíl
ainmhí sléibhe nó machaire cosúil le coinín mór agus cluasa fada agus cosa fada deiridh air
ocrach; a mhúsclaíonn ocras (sliabh gortach); gann, sprionlaithe
rud mín; talamh mín, talamh féir i sliabh
ábhar tine a bhaintear ina fhóid as an talamh; sliabh, portach
talamh móna, caorán, sliabh
caor dhearg shearbh a fhásann ar thor beag sa sliabh
talamh sléibhe nó portaigh
duine a chónaíonn sna sléibhte
duine a dhreapann sléibhte
fearas biorach a chaitheann marcach ar a sháil lena mbrostaíonn sé a chapall chun cinn; rinn, pointe (spor sléibhe, talún)
go dtí áit nó céim níos airde (dul suas ar stáitse; suas an staighre, an sliabh); ar leibhéal níos airde (dhá urlár suas); ardaithe, éirithe (tá na costais suas); in airde (seas, éirigh, suigh suas; tá an ghealach suas); ar bun, cearr (tá rud éigin suas); beo (an t-aos óg atá suas anois); go hiomlán (glan suas an teach)
dul trasna nó trí (sliabh a thrasnú); trasnáil
barr, an chuid thuas (uachtar an tsléibhe; uachtar bróige); dromchla (ar uachtar an uisce); bia ramhar buí a thagann ar bharr bainne, scamhard; deisceart (uachtar na hÉireann)