EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
used, a. 1 Úsáidte; (stampa) caite. Used car, gluaisteán smolchaite, réchaite. Hardly used, beagnach nua. 2 To be used to sth., bheith cleachta le rud; taithí a bheith agat ar rud. I am not used to it, nílim ina chleachtadh, ina thaithí. To get used to sth., éirí cleachta le rud. I am well used to it, tá mé tuartha leis. You will get used to it in time, tiocfaidh tú isteach air le haimsir.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He used every art, níor fhág sé aon chleas gan féachaint.
He used to write to me on a certain day, bhíodh lá áirithe aige le scríobh chugam.
Verb used with passive force, briathar a chuireann faí chéasta in iúl, agus brí chéasta leis.
I am getting used to it, táim ag dul ina thaithí.
Word improperly used, focal á úsáid go mícheart.
If I had used it less, dá mbeinn gan a oiread úsáide a bhaint as.
Word properly used, focal ina bhrí cheart.
He used to tell the story, with great relish, bhaineadh sé an-sásamh as an scéal a insint.
Used tea-leaves, cnámhóga fpl tae.
At one time he used not come, bhí an t-am ann nach dtagadh sé.
At one time he used to be respected, bhí lá agus bhí meas air; bhí meas air tráth.
It is used for cutting, le haghaidh gearrtha é.
I used the money to buy land, cheannaigh mé talamh ar an airgead; chaitheas an t-airgead ar thalamh.
Word no longer used, focal nach bhfuil in úsáid anois.
I have used up all the money, tá an t-airgead ar fad caite agam.
It is all used up, tá sé ídithe.
I used to go to school every day, théinn ar scoil gach lá.
We used to play together, bhímis ag súgradh le chéile.
I used to see him once a week, ba ghnách liom a fheiceáil uair sa tseachtain.
Things are not what they used to be, níl an saol mar a bhí sé.
He does not work as much as he used to, ní oibríonn sé oiread is ba ghnách leis.
She used not like tobacco, ní raibh dúil sa tobac aici.
He took away what turf they had not used, thug sé leis cibé móin nár ídigh siad.