EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
schedule1, s. 1 Sceideal m, clár m, liosta m. Schedule of taxes, clár na gcánacha. 2 Sceideal m, clár m ama ; scéim f (oibre). Everything went according to schedule, rinneadh gach rud de réir mar a bhí beartaithe. Up to schedule, (traein, etc.) ar an spriocuair.
schedule2, v.tr. 1 a Cuirim (alt) mar aguisín (le dlí). b Cuirim duillín, tuairisc, le (cáipéis, etc.). 2 Cuirim (rud) ar chlár, liosta. 3 Leagaim amach clár (oibre). The mayor is scheduled to make a speech, tá beartaithe go dtabharfaidh an méara óráid. The train is scheduled to arrive at noon, (de réir an chláir) tá an traein le bheith istigh ar uair an mheán lae.