EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
request1, s. 1 Achainí f, iarratas m. Earnest request, impí dhian. Request for money, iarratas ar airgead. At the request of s.o., ar iarratas duine. Samples may be had on request, samplaí le fáil ach iad a iarraidh. To make a request, iarratas a dhéanamh, a chur isteach. To grant a request, géilleadh d'iarratas. To sing sth. by request, rud a chanadh ar iarratas. 2 Éileamh m, glaoch m. To be in request, éileamh a bheith ar rud. Com: Article in great request, earra m a bhfuil glaoch mór air. He is very much in request, tá an-tóir air.
request2, v.tr. 1 Achainím; iarraim. To request sth. of s.o., rud a iarraidh ar dhuine. 2 To request s.o. to do sth., iarraidh ar dhuine rud a dhéanamh. The public is requested to keep off the grass, táthar ag iarraidh ar an bpobal gan siúl ar an bhféar. Com: As requested, mar a iarradh. 3 To request permission to do sth., cead a iarraidh, a lorg, rud a dhéanamh.
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accede to a request, géilleadh d'iarratas.
At my own request, ar m'iarratas féin.
To comply with a request, aontú le hachainí.
Consent to a request, géilleadh m d'achainí.
To couch a request in writing, achainí a chur i scríbhinn.
Earnest request, dianachainí f.
Catalogue sent free on request, clár in aisce ach é a iarraidh.
My request was met by the reply that . . ., is é an freagra a tugadh ar m'achainí go...