EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
rather, adv. 1 He recites rather than sings, is mó is ag aithriseoireacht a bhíonn sé ná ag canadh. Or rather . . ., nó ba chóir a rá . . . Last night or, rather, early this morning, aréir nó, ba chirte dom a rá, go moch ar maidin. 2 Ábhar, beagán, measartha. Rather hard, scothchrua, leathchrua. Rather a lot, rud beag de bharraíocht. Do I look ill -- Well, you do, rather, an bhfuil mé ag breathnú tinn? Tá, ó dúirt tú é. I rather think you know him, déarfainn go bhfuil aithne agat air. It is rather too long, is mó is faide é; is ar a fhad; tá sé mós fada. 3 De rogha ar, ach. Anything rather than . . ., aon rud ach . . . I would rather be loved than feared, b'fhearr liom go dtabharfaí grá dhom ná go mbeadh scanradh romham. I had rather suffer than tell a lie, b fhearr liom fulaingt ná bréag a insint. I would rather not, I'd rather not, ní hé ab fhearr liom. 4 F: Do you know him? -Rather! an bhfuil aithne agat air? - is agam atá!
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He exclaimed that he would rather die, dúirt sé de bheoghuth go mb'fhearr leis a bhás.
I would rather give it away, b'fhearr liom é a thabhairt uaim in aisce.
Go the road (rather than the fields), gabh an bóthar (agus ná bac leis na goirt).
She is rather good-looking, níl aon drochscéimh uirthi.
I had much rather start at once, b'fhearr liom go mór tosú lom láithreach.
Pleasant weather, if rather cold, aimsir dheas í, ach é bheith buille fuar.
That's getting rather near the knuckle, tá sin ag gabháil rud beag thar cailc, i ngaireacht don chnámh.
He is rather like you, tá dealramh éigin aige leat.
My stocks are rather low, tá mo stór ag dul i ndísc.
She is rather old-maidish, tá sí mar a bheadh seanchailín ann.
The story is good, only rather long, scéal maith é ach is ar a fhad.
Apples run rather big this year, tá méid mhaith sna húlla i mbliana.
She would do anything rather than let him go, dhéanfadh sí rud ar bith ach ligean dó imeacht.
It is rather that he has not the time, is mó is toisc nach bhfuil an t-am aige é; is mó is toisc gan an t-am a bheith aige é.
I think it rather short, is gearr liom é.
Baby has a cough and it rather worries me, tá casachtach ar an leanbh agus táim imníoch ina thaobh.