PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He cried out in admiration, lig sé gáir le barr measa.
All the better, the worse, is amhlaidh is fearr, is measa, é.
My first care, an cúram is measa liom.
He sees only the gloomy side of things, ní thagann leis ach an taobh is measa de gach aon scéal.
This news goes to make matters worse, is measa an cás de bharr an scéil seo.
To heap insults on s.o., gach masla is measa ná a chéile a thabhairt do dhuine.
The worst of it is that . . ., is é an chuid is measa den scéal go . . .
As a mark of esteem for you, le teann measa ort.
Much worse, i bhfad níos measa.
He is worse off, níos measa atá sé.
He has a poor opinion of her, níl mórán measa aige uirthi.
My greatest preoccupation, an cúram is measa liom.
To value sth. at a low rate, gan mórán measa a bheith agat ar rud.
Out of regard for s.o., le teann measa ar dhuine, le hómós do dhuine.
War is the greatest scourge, is é an cogadh an scéin is measa ar domhan.
Nothing but shifts and excuses, gach cor agus leithscéal is measa ná a chéile.
Much more so, níos fearr (faide, measa, etc.) arís.
F: It was ten times worse, ba sheacht measa é.
He thinks too much of himself, tá an iomarca measa aige air féin.
She's a regular tomboy, is measa í ná aon ghearrbhodach.
To set too high a valuation on s.o.'s abilities, an iomarca measa a bheith agat ar chumas duine.
I am a worse player than he, is measa an t-imreoir mise ná é.
Worse condition, bail is measa fós.
This is worse and worse, tá sé seo níos measa ná riamh, ag dul in olcas i gcónaí.
He is in a worse way than you, is measa an chaoi atá airsean ná ortsa.
So much the worse for him, is amhlaidh is measa dó é.
He is worse off than ever, is measa as anois ná riamh é.
His worst mistake, an dearmad is measa aige.
The worst of the storm is over, tá an chuid is measa den stoirm thart.
The worst is soon over, is gearr go mbíonn an chuid is measa thart.
The man who works worst, an fear is measa a oibríonn.