PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is held in account, tá meas mór air; tá urraim mhór dó.
He holds me in awe, tá smacht ar m'intinn aige.
To hold sth. in both hands, greim dhá lámh a choinneáil ar rud.
Wr: Hold in chancery, glas m ascaille.
To keep, to hold, the enemy in check, an namhaid a choinneáil siar; bacainn a chur ar an namhaid.
They hold the land in common, tá an talamh i gcomhar, i bpáirt, acu.
He holds them in contempt, tá drochmheas aige orthu.
He held his master in high esteem, bhí ardmheas aige ar a mháistir.
Held in low esteem, faoi dhrochmheas.
To hold s.o. in estimation, meas a bheith agat ar dhuine.
(Property held in) fee-simple, (gabháltas) bithdhílse f.
F: He had, held, the game in his hands, bhí an cluiche ina dhorn aige.
He held the pen in his hand, bhí an peann ina láimh aige.
To hold sth. in position, rud a choinneáil ina áit.
To hold sth. in check, cúl a choinneáil ar rud.
To hold oneself ready, in readiness, bheith faoi réir.
The big fair is held in May, faoi Bhealtaine a bhíos an t-aonach mór ann.
To hold (in) one's breath, an anáil a choinneáil istigh.
They hold him in respect, tá ómós acu dó.
The goods in the hold, na hearraí atá in íochtar (na loinge).
He is held in great honour, tá urraim mhór dó.
To have a great regard for s.o., to hold s.o., in high regard, meas mór a bheith agat ar dhuine.
To be held in high repute, dea-chlú, dea-theist, a bheith ort.
To hold s.o. in reverence, modh agus urraim a thabhairt do dhuine.
To hold, to keep, sth. in store, rud a choinneáil i dtaisce, a chur i gcoimeád.
What the future holds in store for us, an rud atá romhainn, i ndán dúinn.
To hold s.o. in subjection, duine a choinneáil faoi smacht, faoi chois.
She held him in supreme contempt, bhí drochmheas an domhain aici air.
To hold, keep, s.o. in suspense, duine a choinneáil ar bís, ar tinneall, ar cipíní.
The same holds true in respect of . . ., is é an cás céanna é ag . . .
To hold sth. in trust, rud a shealbhú ar iontaobhas.
To hold s.o. in veneration, urraim a bheith agat do dhuine.