PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
That does not affect the matter, ní bhaineann sin leis an scéal.
He does not look his age, níl a aois le haithint air.
The wine does not agree with him, ní thagann an fíon leis.
He knows English if any man does, tá Béarla aige má tá sé ag aon fhear beo.
That does not bear on the question, ní bhaineann sin leis an scéal, le hábhar.
How does the land bear? cén taobh a bhfuil an talamh?
v.tr.That hat does not become you, ní thig, ní oireann, an hata sin duit.
It does not behove him to boast, is olc a oireann an mórtas dó; ní aigesean atá a bheith ag maíomh.
He does it (the) best, is leisean is fearr a thig a dhéanamh.
v.i.He does not bother about anything, ní bhuaireann sé a cheann le rud ar bith.
He does nothing but eat, ní stadann sé ach ag ithe.
How much does it come to? cé mhéad ar fad é?
What he knows does not come to much, ní fiú trácht ar a bhfuil d'eolas aige.
It does not come under that heading, ní den chineál sin é; ní bhaineann sé leis an roinn sin.
He does not come up to my waist, níl sé ag dul go básta liom.
That does not concern me, ní bhaineann an scéal sin liomsa, domsa.
Sentence that does not construe, abairt nach luíonn leis an ngramadach.
How much does it cost? cé mhéad atá air?
This explanation does not cover all the facts, ní míniú é seo ar na cúrsaí ar fad.
The cowl does not make the monk, ní hé an t-éadach an fear.
It does him credit, it reflects great credit on him, is mór an chlú dó é.
He does repairs, bíonn sé ag deisiú.
He does himself well, caitheann sé go maith leis féin.
I don't know why he acts as he does, níl a fhios agam cén fáth a ndéanann sé na rudaí a dhéanann sé.
He does with very little food, tagann sé le beagán beatha.
Dog does not eat dog, níor ith na madraí allta a chéile riamh.
It's dogged (as) does it, ní bua go buaine.
It does not come within my domain, níl aon údarás agam air, níl aon bhaint agam leis.
Does he ever come here? an dtagann sé anseo aon uair? an dtagann sé anseo ar chor ar bith?
He does nothing except eat and drink, ní dhéanann sé pioc ach ag ithe agus ag ól.
Everyone does it in his own fashion, déanann gach duine ar a bhealach féin é.
I find it does not pay, is é m'aithne air nach mbíonn aon rath air.
It does not follow that. . ., ní fhágann sin go . . .; ní hionann sin agus a rá go . . .
Gently (does it)!, go réidh! breá bog anois!
Where does this book go? cá mbíonn an leabhar seo?
He does not grudge his efforts, ní dhéanann sé dhá chuid dá dhícheall.
Handsome is that handsome does, molann an obair an fear.
How does it happen that you are here? cad é a chas anseo thú?
It does not come under the heading of goods, ní ghairtear earraí dó.
If he does not come, he will not see it, mura dtaga sé, dtiocfaidh sé, dtagann sé, ní fheicfidh sé é.
It does not affect me immediately, ní chuireann sé dada as domsa go díreach.
It does not induce fatigue, ní chuireann sé tuirse ar dhuine.
It does not come within the jurisdiction of the court, níl ceart breithiúnais ag an gcúirt air.
It does not come within our jurisdiction, níl aon údarás againn air.
He does not know, níl a fhios aige.
How long does your leave last? cá fhad a bheidh laethanta saoire agat?
It does not matter in the least, ní fiú brobh é.
He does the less work, is lú an obair a dhéanann seisean.
He does not see the matter in the right light, níl an dearcadh ceart aige ar an scéal; ní thuigeann sé an scéal i gceart.