EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
disposal, s. 1 a Cur m de láimh. As to the disposal of the residue . . ., i dtaobh an rud a dhéanfaí leis an bhfuílleach . . ., mar gheall ar an áit a gcuirfí an fuílleach ... Disposal of a piece of business, críochnú m gnó. Disposal of a question, réiteach m ceiste. Sewage disposal, diúscairt f camrais. b At your disposal, ar do láimh, ar do mhian, faoi do réir, fút. The means at my disposal, (i) an mhaoin a bhfuil tarraingt agam air; (ii) na deiseanna atá agam. 2 Riaradh m (maoine). For disposal, le díol, le reic. 3 Eagrú m, srathnú m (saighdiúirí ar fud dúiche).