PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He did it to the best of his ability, rinne sé é chomh maith is bhí ar a chumas.
Better able to do it, níos fearr chun a dhéanta.
F: An absolute fool, amadán críochnaithe, déanta.
He accommodated himself to the circumstances, rinne sé a mhór dá dhóigh.
He did it of his own accord, rinne sé é dá thoil féin, ar a chonlán féin, uaidh féin.
F: He gave quite a good account of himself, rinne sé gnóthaí maithe; chruthaigh sé go maith.
He did it on his own account, rinne sé é as a stuaim féin, ar a chonlán féin.
He was not accountable for his action, ní as ciall a rinne sé é.
He accumulated a fortune, rinne sé a shaibhreas.
He has achieved the impossible, tá rud déanta aige a measadh a bheith dodhéanta.
When I consider his achievement, nuair a smaoiním ar an éacht atá déanta aige.
He acted the part of an honest man, rinne sé go hionraic é.
He acted up to his principles, rinne sé beart de réir a bhriathair.
The engine acts as a brake, déanann an t-inneall obair choscáin, oibríonn an t-inneall mar choscán.
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
He advanced on me (threateningly), rinne sé anall (anuas, etc.) orm.
He executed the deal to the best advantage, rinne sé an margadh ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh.
He made an affirmative sign, rinne sé comhartha aontachta.
Don’t do that again, ná déan sin níos mó.
The loaded table groaned again, rinne an bord gliúrascnach le meáchan na mias.
I did it against my will, in éadan mo thola a rinne mé é.
He stood aghast at it, rinneadh staic de le faitíos, le hiontas; cuireadh an croí ar crith ann.
He carried it off with an air, rinne sé go healaíonta é.
He put on airs with me, rinne sé duine mór de féin os mo choinne; bhí sé ag cur gothaí air féin liom.
He established an alibi, chruthaigh sé go raibh sé in áit eile nuair a rinneadh an choir.
Look alive! bog thú féin! déan deifir!
The matter allows of no delay, níl moill ar bith le déanamh sa ghnó seo, ní fheileann aon mhoill don ghnó seo.
I did it alone, rinne mé féin é.
He lay in ambush (to attack them), rinne sé luíochán (rompu).
They were ambushed, rinneadh ionsaí as luíochán orthu.
The boat parted amidships, rinneadh dhá leath droimscoilte den bhád.
It amounted to five pounds, bhí cúig phunt san iomlán, rinne sé (suas) cúig phunt.
He did it in anger, as fearg a rinne sé é.
He was anointed king, rinneadh a choisreacan mar rí.
That will answer my purpose, déanfaidh sin scoth gnóthaí dom.
I anticipated his wishes, rinne mé an rud ba mhian leis sular iarr sé orm é.
He doesn't do anything, ní dhéanann sé rud ar bith, aon ní.
Pred.He was appointed chief, rinneadh taoiseach de.
His appointment as captain surprised us, bhí iontas orainn cionn is go ndearnadh captaen de, gur ceapadh é mar chaptaen.
He made a gesture of approval, rinne sé comhartha go raibh sé sásta, toilteanach.
I don't approve of your choice, ní mholaim an rogha atá déanta agat.
He is apt to forget, déanann sé dearmad go réidh.
Pointed arch, áirse rinne.
Arch-traitor, fealltóir déanta, críochnaithe.
Do as you like, déan mar is áil leat (féin).
F: He is a perfect ass, dobhrán déanta atá ann.
He was behaving like an ass, he played the ass, (i) bhí sé ag déanamh cnapán amadáin de féin; (ii) bhí sé ag pleidhcíocht.
He was assumed to be wealthy, rinneadh talamh slán de go raibh sé saibhir.
He will do it, I assure you! déanfaidh sé é, deirimse leat, geallaimse duit.
It was smashed to atoms, rinneadh conamar, píosaí miona, smidiríní, de.