PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Every bullet has its billet, níl dul i bhfolach ar an mbás.
Having expended all their bullets, nuair a bhí a gcuid piléar uile ídithe acu.
To extract a bullet from a wound, piléar a bhaint as cneá.
The bullet grazed his shoulder, scinn an piléar dá ghualainn.
Bullets were hailing on us, bhí na piléir á gcáitheadh linn.
He was hit by a bullet, theagmhaigh piléar leis.
To lodge a bullet in sth., piléar a chur (go domhain) i rud.
The bullet has lodged in the lung, tá an piléar fanta sa scamhóg.
The bullet penetrated the door, chuaigh an piléar tríd an gcomhla.
To pepper the enemy with bullets, cith luaidhe a scaoileadh leis an namhaid.
F: To plant a bullet in the target, an sprioc a bhualadh.
Bullet-proof, urchardhíonach; (veist) díon piléar.
To put a bullet through s.o.'s head, piléar a chur trí chloigeann duine.
To riddle s.o. with bullets, duine a chriathrú le piléir.
The bullet had spent its force, bhí an siúl caillte ag an bpiléar.
Spent bullet, piléar marbh.
The bullets went spitting against the wall, bhí na piléir ag éirí den bhalla.
The bullet went straight through his leg, chuaigh an piléar cruinn díreach trína chois.
Stray bullet, piléar fánach.
Tracer shell, tracer bullet, rianshliogán m, rianphiléar m.
The bullet whistled past his ear, chuaigh an piléar ag feadaíl amach thar a chluais.