EXACT MATCHES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
lay1, s. Laoi f.
lay2, a. a Ecc: Tuata, neamheaglaiseach. Lay brother, bráthair tuata. Lay sister, siúr thuata. Lay clerk, tuathchléireach m. b F: To the lay mind, in aigne an tuata.
lay3, s. 1 F: Ceird f, iomaire m. 2 Casadh m (téide). 3 Lay of the land, suíomh m, luí m, na talún. 4 Typ: To mark the lay on a page, an leagan amach a rianadh ar leathanach. Lay-mark, marc m rianaithe.
lay4, v.tr. 1 Luím, leagaim. a To lay s.o. low, flat, (i) duine a chur ina luí; (ii) duine a threascairt. To lay a building in ashes, foirgneamh a dhó go talamh, a fhágáil ina luaithreach. To lay low an empire, impireacht a choscairt. b (Of wind) Leagann (an t-arbhar). 2 (Cause to subside) a Leagann (smúit); ciúnaíonn (tonnta, etc.). b Díbrím (taibhse), cuirim (taibhse) faoi chónaí. To lay s.o.'s fears, suaimhneas aigne a chur ar dhuine; an eagla a bhaint de dhuine 3 (Deposit) Cuirim, leagaim anuas(sth. on sth., rud ar rud). To lay one's hand on s.o.'s shoulder, lámh a leagan ar ghualainn duine. She laid her head on the pillow, lig sí a ceann ar an bpiliúr. I have nowhere to lay my head, níl áit agam a leagfainn mo cheann. To lay s.o. to rest, in the grave, duine a shíneadh san uaigh. 4 (Of bird) Beireann (ubh). 5 Cuirim (geall); cuirim (airgead) i ngeall. To lay so much on a horse, an oiread seo a chur ar chapall. To lay sixpence on a colour, réal a chur ar dhath. To lay that. . ., geall a chur go . . . 6 (Place) a To lay a spark to the train, tine a chur, a thabhairt, don phúdar. To lay a ship alongside (the quay), long a shíneadh le cé. b Artil: Pointeálaim (gunna mór) ar (rud); beartaím (gunna mór). 7 Cuirim isteach (iarratas). Jur: To lay a complaint, gearán a dhéanamh. To lay an information, eolas a thabhairt. S.a. CLAIM1 2. 8 (Impose) a Gearraim (pionós, fíneáil, dualgas)(upon s.o., ar dhuine). b To lay a tax on sth., cáin a chur ar rud. To lay the blame on s.o., an milleán a chur ar dhuine. c To lay a stick on s.o.'s back, to lay into s.o., bata a thabhairt do dhuine. He laid about him, bhuail sé faoi agus thairis. 9 a (Dispose, arrange) Cuirim síos, leagaim (cloch bhoinn, brící, cábla, brat urláir). To lay the table, an bord a fheistiú chun béile. Lay for three, cóirigh do thriúr. To lay a fire, ábhar tine a chur síos. Navy: To lay a mine, mianach a chur. b Cuirim (súil ribe, eangach). c To lay an ambush, luíochán a dhéanamh, a bheartú. d Beartaím, ceapaim, meabhraím (comhcheilg). To lay a scheme to do sth., beartú chun rud a dhéanamh. e The scene is laid in Paris, i bPáras a tharlaíonn na himeachtaí. f Nau: To lay a course, cúrsa a leagan(for, ar). 10 Ropem: Casaim (téad).
PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To lay sth. across sth., rud a shíneadh trasna ar rud.
He laid his ambitions on the altar, thug sé cúl lena mhian (ar mhaithe le cúis, etc.).
To lay an ambush, luíochán a dhéanamh.
He lay in ambush (to attack them), rinne sé luíochán (rompu).
They laid down their arms, ghéill siad.
They were murdered as they lay asleep, maraíodh iad agus iad ina gcodladh.
He lay awake all night, bhí sé ina luí múscailte, ar neamhchodladh, i rith na hoíche.
Lay baptism, baisteadh urláir, tuata.
I lay bare, nochtaim (rún, mo chroí).
To make, lay, a bet, geall a chur.
To lay, put, cast the blame (for sth.) upon s.o., an milleán a chur ar dhuine; an locht a fhágáil ar dhuine, duine a chiontú.
(Aside) To lay, put, set, sth. by, rud a chur i leataobh, i dtaisce.
To lay a cable, cábla a leagan.
He laid his cards on the table, chuir sé an t-iomlán amach ar a bhois.
To bring, lay, a charge against s.o., duine a chúisiú.
To lay sth. to s.o.'s charge, rud a chur i leith duine; milleán ruda a chur ar dhuine.
To lay claim to sth., rud a éileamh.
To lay the cloth, (i) an t-éadach a chur ar an mbord; (ii) an bord a leagan.
The conditions laid down in the agreement, coinníollacha an mhargaidh.
The whole country has been laid under contribution, tá cáin leagtha ar an tír ar fad.
He laid all his friends under contribution, ní raibh duine dá chairde nár chuir sé faoi chomaoin chabhartha.
Covers were laid for four, gléasadh an bord do cheathrar.
F: He lay doggo, d'fhan sé gan corraí, luigh sé siar ina spéice.
To lay a charge at s.o.'s door, coir a chur i leith duine.
He laid down his arms, lig sé a airm ar lár.
To lay an embargo on the ship, long a bhac.
He laid emphasis on the necessity for . . ., luigh sé go trom ar a riachtanaí a bhí . . .
F: to lay evens, leath ar leath a chur.
Lay figure, riochtán m ealaíontóra.
F: I forbid you to lay a finger on him, crosaim ort barr méire a leagan air.
To lay, put, one's finger on the cause of the evil, cúis f an oilc a aimsiú.
To lay a fire, ábhar tine a chur síos.
To lay the foundation-stone, an chloch bhoinn a chur, a leagan.
The gas is laid on, tá cóir gáis ann.
To lay a ghost, sprid a chur faoi chónaí.
He lay in his gore, bhí sé sínte ina chosair chró.
To lay hands on sth., lámh a leagan ar rud.
I cannot lay my hands on it now, ní féidir liom é a aimsiú faoi láthair.
If anyone should lay a hand on you, má leagann aon duine méar ort.
We laid, put, our heads together, chuireamar ár gcomhairlí i gceann a chéile.
To take, to lay, sth. to heart, meabhrú go maith ar rud.
To lay, clap, s.o. by the heels, duine a chuibhriú.
To catch, lay, hold of sth., breith ar rud, greim a bhreith ar rud.
To lay information against s.o. with the police, scéala a dhéanamh ar dhuine leis na gardaí.
To lay a church under an interdict, teampall a chur faoi urghaire.
To lay a knife and fork for s.o., áit a choda a fhágáil ag duine.
Cream-laid paper, páipéar gealeasnach.
Nau: Cable-laid rope, téad cháblachasta.
To lay down the law to s.o., bheith ag tabhairt fios a ghnóthaí do dhuine, ag léamh na liodán do dhuine.
He is always laying down the law, ní stadann sé ach ag ceartú agus ag áiteamh, ag leagan amach.