EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
dóthain, f. (gs. ~). Enough, sufficiency. Do dhóthain a bheith agat de rud, to have enough of sth. Do dhóthain a bhaint as rud, to take as much as one needs of sth. Do dhóthain a bheith le déanamh agat, to have enough to do. Tá mo dhóthain mhór agam, I have more than enough. Tá a dhá dhóthain le déanamh aige, he has his hands full. Tá a seacht n~ le rá acu, they talk far too much. Tá ~ fir ann, it is enough for a man; it is as much as a man can do. Dóthain rí de bhéile, a meal fit for a king. Thug sé mo dhóthain (le déanamh) dom, it was as much as I could do. Fuair siad a n~ den anás, they had their share of poverty. Ní mór a dhóthain, he is easily satisfied. Nach bhfuil sé maith do dhóthain duit? Is it not good enough for you? (Var: m; gs. dóthana)
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
Tá ~ (agus a dhóthain) de mhaoin an tsaoil aige, he is very well off, has a surplus of worldly goods.
Tá do dhóthain agat, ~ liom, you have enough, it seems to me.
Fuair mé mo dhóthain de, I got enough of it.
Ba é a dhóthain de dhiúité é, he well deserved it.
Tá do dhóthain agat, you have your fill.
Tá a dhóthain ar ~ aige, he has scarcely enough.
Tá mo dhóthain ann, ach ní mór fairis, it is sufficient for me, but not much more than that.
Tá mo dhóthain ann, nó ~ leis (de), it is enough for me, or nearly so.
~ do sháith, do dhóthain, eat your fill.
Ní bhfuair siad ~ a ndóthain, they didn’t get half enough.
An bhfuil do dhóthain agat? Tá agus mo ~. Have you enough? Yes, plenty.
Tá do dhóthain go ~ ann, it is barely enough for you.
Tá do sheacht ndóthain le déanamh agat cheana féin, you have much more than enough to do already.
Tá mo dhóthain agam dá ~, I have enough without it.