PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Three times a week, trí huaire sa tseachtain, in aghaidh na seachtaine.
(Of ship) To be aback, an ghaoth a bheith ina haghaidh.
She was caught, taken, aback, tháinig an ghaoth ina haghaidh, daor uirthi.
Advancing in studies, ag dul ar aghaidh sa léann.
The adverse page, an leathanach ar a aghaidh.
To act adversely to s.o., tarraingt, oibriú, in aghaidh duine.
He is against it, tá sé ina aghaidh.
Against the rules, in aghaidh na rialacha.
To brush a hat against the nap, hata a scuabadh in aghaidh stuif.
Against nature, in aghaidh dola.
To agitate against sth., comhghríosú a dhéanamh in aghaidh ruda.
Her face was aglow with health, bhí luisne na sláinte ina haghaidh.
To go ahead, dul ar aghaidh, dul chun tosaigh.
Wind ahead, gaoth in aghaidh (na loinge).
(You) go on ahead (of us), ar aghaidh leat romhainn.
He is going ahead, tá sé ag dul chun cinn, ag dul ar aghaidh.
Go ahead! (i) ar aghaidh leat! (ii) oibrigh leat!
Alien to sth., in aghaidh ruda.
To allot a sum of money to, for, certain work, suim airgid a leagan amach le haghaidh oibre áirithe.
Allotment of time, clár ama (le haghaidh oibre, etc.).
Mess allowance, liúntas le haghaidh bia.
His silence alone is sufficient proof against him, mura mbeadh ann uile ach nach bhfuil focal le baint as, ba leor mar chruthú ina aghaidh é.
To move along, dul ar aghaidh.
Answer to a charge, cosaint f in aghaidh cúisithe.
I did not count on his antagonism, níor shamhail mé gur i m'aghaidh a bheadh sé.
My antagonist, an té atá i m'aghaidh.
Appeal from a sentence, achomharc in aghaidh breithe.
To appeal from a judgment, achomharc m a dhéanamh in aghaidh breithe.
That is one argument against it, sin aon chúis amháin ina aghaidh.
Armed ship, (i) long f armáilte (le haghaidh cogaidh); (ii) long phlátáilte.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
The room has a northern aspect, tá aghaidh an tseomra ó thuaidh.
To assess a property (for taxation), maoin a mheasúnú (le haghaidh cánach).
We will now turn our attention to . . ., tabharfaimid ár n-aghaidh anois ar ...
She was the chief attraction, is uirthi a bhí aghaidh na ndaoine.
To be averse to, from, sth., bheith in aghaidh ruda.
Thirty ayes and twenty noes, tríocha leis agus fiche ina aghaidh.
To stroke a cat backwards, cat a chuimilt in aghaidh stuif.
He went at it bald-headed, thug sé faoi ceann ar aghaidh.
It is under the ban of public opinion, tá breith an phobail ina aghaidh.
To forbid the banns, cur in aghaidh an phósta tar éis a fhógartha.
Bathe your face in cold water, cuir uisce fuar ar d'aghaidh.
He bawled out at me, thug sé aghaidh a chraois orm.
He was beaming with delight, bhí loinnir ina aghaidh le lúcháir, bhí aoibh air.
They bore down all resistance, chloígh siad gach rud dá raibh ina n-aghaidh.
To bear up against, under, misfortune, an fód a sheasamh in aghaidh na tubaiste; cruachan in aghaidh na hanachaine.
To beard s.o., aghaidh dhána a thabhairt ar dhuine.
Beautiful face, aghaidh álainn.
Her cheeks were bedewed with tears, bhí a haghaidh báite le deora.
To stand before s.o., seasamh ar aghaidh duine.