EXACT MATCHES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
cónaí1, m. (gs. & pl. -aithe). 1. vn. of cónaigh1. 2. Dwelling, residence. Áit chónaithe, place of residence. Teach cónaithe, dwelling-house. Scoil chónaithe, boarding school. Ceantar cónaithe, residential district. A mbailte cónaithe, their inhabited towns; the towns in which they live. Áit, teach, gan chónaí, uninhabited place, house. ~ a dhéanamh in áit, to reside in a place. Dul chun cónaithe, dul a chónaí, ann, to take up residence there. Is ann atá ~ orthu, it is where they reside. Tá siad ina g~ ann go fóill, they are still living there. Bhí ~ ann tráth, it was once inhabited. Bhí fiche ~ ar an oileán sin, there were twenty habitations on that island. 3. State of rest. Dul faoi chónaí, to go to rest. Chuir siad na páistí faoi chónaí, they got the children off to sleep. Tá an saol faoi chónaí, the world is in repose. Cuireadh an taibhse faoi chónaí, the ghost was laid. Cuir an boc sin ina chónaí, make that fellow shut up. Tá sé ina chónaí inniu, he is doing nothing today. Duine ag obair is duine ina chónaí, one person working and another idle. Do chroí a chur ina áit chónaithe, to possess one’s soul in patience. 4. Stop, stay. Ní dhearna sé stad (mara) ná ~, fos ná ~, sos ná ~, (go), he neither stopped nor stayed (until). 5. I g~, always, still. I g~ ag caint, always talking. I g~ ag gabháil dom, forever at me. Tá sé anseo i g~, he is here all the time, still. Is tú atá ann i g~, you have not changed a bit. I g~, riamh is i g~, ever and always. (Var: gs. ~)
cónaí2, gsf. & comp. of cónach.
PHRASES
IN FOCLÓIR GAEILGE—BÉARLA
An teach a raibh sé ina chónaí ann, the house in which he lived.
Cónaí a aistriú, to move house.
~ chónaithe, dwelling-place.
Bíonn ualach ~ air i gcónaí, he always carries a burden.
Tá an duine bocht ag dul as i gcónaí, the poor fellow is fading away.
Cónaí a athrú, to move house.
Ná bí i gcónaí ag ~ orainn, don’t be for ever correcting, criticizing, us.
Bíodh Dia ar do bhéal i gcónaí, God’s name should always be on one’s lips.
~ ina chónaí, discreet person.
Tá sé de bheith orm (a bheith deireanach i gcónaí), I am fated (to be late always).
Áit bhreá chónaithe, fine place to live.
Ná bígí i gcónaí ag ~, don’t be always squabbling.
Bíonn tusa i gcónaí ar thús ~a, you always take the lead, act as ringleader.
Ná bí í gcónaí ag ~eamh ar do chomharsana, don’t be forever speaking ill of your neighbours.
Bíonn siad do do chásamh i gcónaí, they are always inquiring about your well-being.
Tá an ghaoth sa chathaoir chéanna i gcónaí, the wind is still in the same point.
Tá mé ~te istigh i gcónaí, I am always stuck in the house.
Cónaí in áit, to reside in a place.
Cónaí faoi bhealach, to stop on the way.
~ ina cónaí, stay-at-home.
Ní fhaigheann ~ ina cónaí dada, one must seek out opportunities.
Beidh ~ éigin aige i gcónaí, he is up to every trick.
Bíonn an ~ i gcónaí aige, ina bhéal, he speaks well of everyone.
Bíonn an ~ i gcónaí aige, he always looks on the dark side of things.
Thall ansiúd is ea atá sé ina chónaí, over yonder is where he lives.
Tá an fhéile i gcónaí á ~eadh acu, they are always prepared to be generous.
Tá siad ag ~áil faoi chónaí, faoi shuan, they are going to rest, to sleep.
Cuir síoda, culaith shíoda, ar ghabhar agus is ~ i gcónaí é, you cannot make a silk purse out of a sow’s ear.
Tá siad ina gcónaí ar an ~, they live at the back of beyond.
Conas tá sibh? An t-~ céanna i gcónaí. How are you? Getting along as usual.
Ní bhíonn an fhírinne ~ i gcónaí, all truths will not bear telling.
Tá sibh i gcónaí ag insint ar a chéile, you are forever telling stories about one another.
Ní h~ i gcónaí an cófra is a lucht, one should not judge by appearances.
Tá sí ina cónaí linn, she is living with us.
~ cónaithe, house-physician.
Tá do mhuileann ag ~t i gcónaí, ‘your mill is forever grinding’, you never stop talking.
Ná bígí i gcónaí ag ~adh ormsa, don’t always pick on me.
Tá aon phort amháin agat i gcónaí, you are always harping on the same string.
Ní bhíonn ~ maith ag gach each i gcónaí, it is a good horse that never stumbles.
Tá sibh i gcónaí ag sárú ar a chéile, you are forever contradicting one another.
Bíonn sé i ~ éigin i gcónaí, he is always getting into a scrape.
Tá an ~ céanna i gcónaí aige, he never changes his tune.
Tá tú i gcónaí ag seinm ar an téad sin, you are always harping on that string.
Tá siad i gcónaí ag ~adh as, they are always pestering him.
~ a mhúscailt, a chur faoi chónaí, to raise, to lay, a ghost.
Bíonn an ~ leis an iarta, leis an oigheann, i gcónaí aige, he is forever trying to make ends meet.
Ná bí thusa i gcónaí ag teacht ar an duine deireanach, don’t you be always the last person to come.
Ná bí i gcónaí ar an ~ sin, don’t be always harping on that.
Rachaimid faoi chónaí, we will retire to rest.