PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Abuse of a word, mí-úsáid f focail.
Since the application of science to farming began, ó tosaíodh ag baint úsáide as an eolaíocht i gcúrsaí feirmeoireachta.
To assign a thing to a certain use, úsáid áirithe a leagan amach do rud.
Aeroplane in commission, eitleán m atá á úsáid.
The methods in force, na modhanna atá i bhfeidhm, in úsáid.
Adjective that functions as an adverb, aidiacht a úsáidtear mar dhobhriathar.
The use of it is pretty general, tá sé á úsáid go forleitheadúil.
Its use has been generalized, tá sé curtha in úsáid go forleitheadúil.
With the help of a rope, ach rópa a úsáid.
Word improperly used, focal á úsáid go mícheart.
To improve with use, dul i bhfeabhas le húsáid.
Lax use of a word, úsáid bhreallach d'fhocal.
If I had used it less, dá mbeinn gan a oiread úsáide a bhaint as.
Word loosely employed, focal á úsáid go neamhchruinn.
Misuse of authority, mí-úsáid údaráis.
Misuse of words, mí-úsáid focal.
To misuse a word, an úsáid mhícheart a bhaint as focal.
The right use of words, úsáid chruinn na bhfocal.
(Of thg.) It will be of some service, déanfaidh sé áis éigin, bainfear úsáid éigin as.
To put an article into use, acra a chur in úsáid, ag fónamh.
Article of everyday use, acra a bhíonn in úsáid gach lá.
Ready for use, réidh le húsáid.
'Directions for use', 'treoir f úsáidte'.
Full right of use, ceart iomlán úsáide.
Word no longer used, focal nach bhfuil in úsáid anois.
Utility clothes, éadaí mpl úsáide.
Wrong use of a word, úsáid f neamhchruinn ar fhocal.