PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To give account of sth., údar m, fáth m, a chur le rud.
To question s.o. as to his motives, ceist a chur ar dhuine faoin údar a bhí aige.
To assail an author, údar a fheannadh.
Authoritative information, eolas a bhfuil údar maith leis.
He is an authority on the matter, is údar, eolaí, ar an scéal é.
To establish the authorship of a book, údar leabhair a chur le bonn.
He has good cause for doing it, tá údar maith, fáth mór, aige lena dhéanamh.
I have nothing to complain of, níl aon údar casaoide agam; ní gearánta dhom.
I have no cause of complaint, níl aon údar gearáin, casaoide, agam.
To constitute s.o.'s happiness, bheith ina údar, ina chionsiocair, séin ag duine.
A bone of contention, údar achrainn; cnámh m spairne.
I am credibly informed of it, tá sé ó údar creidiúnach agam.
To crib from an author, ábhar a chlifeáil, a bhradú, ó údar.
It was very disappointing, ba mhór an t-údar díomá é.
That was very discouraging, ba údar mór drochmhisnigh é sin.
The matter in dispute, an chnámh spairne, an t-údar sáraíochta.
It is very disquieting, is mór an t-údar imní é.
F: He is a fount of knowledge, is é tobar m an eolais é, is é údar m na heagna é.
It was he who framed the idea, eisean ab údar don smaoineamh.
A justifiable refusal, diúltú a bhfuil údar leis.
The author's latest work, saothar deireanach an údair.
Common lawyer, údar m le dlí coiteann.
Under licence from the author, le cead an údair.
To lift a passage from an author, dréacht a ghoid as saothar údair.
To have mastered a subject, bheith i d'údar ar ábhar léinn.
Obscure author, údar gan iomrá.
All this pother about nothing! a leithéid de rírá gan údar!
In order to preclude any misunderstanding, le gach údar míthuisceana a sheachaint.
His conduct proceeds from most noble principles, na prionsabail is uaisle is údar lena iompar.
To produce a sensation, bheith i d'údar scailéathain.
To quote an authority for sth., údar a thabhairt le rud.
To quote from the author, sliocht a thabhairt as saothar údair.
You have reason to be worried, tá údar imní agat.
I have reason to believe that . . ., tá údar agam lena chreidiúint go . . .
Reasonable suspicions, amhras a raibh údar leis.
I suspect that he is, I suspect him to be, the perpetrator of the joke, tá barúil, tuairim, agam gurb é is údar leis an magadh.
To take an idea from an author, smaoineamh a fháil, a ghlacadh, ó údar.
It's all talk, níl ann ach caint (gan údar).
F: Titles to fame, údar m glóire.